Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
71
DÍOĠALTAS

láġaċ le m’ordóig. An laisde aisteaċ sin atá ar do ḋoras-sa, a Ṁuirġéid, bí agam ’mo láṁ ṡíleas. Leagas méar ar ḃéal an ṗiostail. Tríd an bpoll beag sin a ṫiocfas an luaiḋ a ċuireas deireaḋ le tíoránaċ, arsa mise liom féin. Ḃí poll beag eile ar líneál agus ar éadaċ na casóige, le béal an ṗiostail a ṡáiṫeaḋ amaċ fríd beagán, leis an urċar a ċaiṫeaḋ. Ċuimil mé casúr an ṗiostail. Tá alt ar an laisde tá ar an déanaṁ céadna leis an gcasúr sin. Nuair a ṫógfainn an casúr agus nuair a sgaoilfinn anuas arís é ḃéaḋ anam i láṫair a Ċruṫuiġṫeóra....

“Deir an doċtúir liom....”

Ḃí sé ag cur ḋe, aċt ní raiḃ ḟios agam faoi neaṁ céard bí sé a ráḋ. Ċuirfinn focal beag neaṁ- urċóideaċ isteaċ sa gcainnt ó am go ham; an piostal, agus an ċosaṁlaċt ḃí aige leis an laisde sin atá ar ḋoras do ṫiġe, a Ṁuirġéid, an t-aon niḋ aṁáin ḃí im’ aigne. D’osglóċaḋ an laisde doras do ṫiġe ḋom; an n-osglóċaḋ an piostal doras do ċroiḋe?

“Toiteóg eile?”

Ġlacas uaiḋ í. D’eiriġeas ’mo ṡeasaṁ. Ḃíos le taoḃ a ċaṫaoireaċ. Ḃí m’uille ċlé buailte leis. An toiteóg ’mo láṁ ċlé. An láṁ ḋeas, mo ṗoca agus greim agam ar an bpiostal. Ceaṫraṁa ordlaiġ ḋá ḃéal sáiṫte amaċ agam tríd an bpoll ḃí san éadaċ. An casúr tógṫa. Ṫosuiġ clog a’ bualaḋ. Ċoṁairiġeas gaċ buille. Ḃí ḟios agam go raiḃ sé a deiċ: nuair ḃéaḋ an deiċeaḋ buille ġá ḃualaḋ, ċloisfiḋe torann eile sa seómra....”