Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
70
DÍOĠALTAS

“Ḃfuil sé fiċe bliaḋan?”

“Tá agus ós a ċionn.”

An piostal Iodálac ársa ḃronn sé orm an uair sin ḃí sé i dtaisge agam ’mo ṗóca. Ḃí an teine breáġ mór. Ḃí sgáṫ orm go ḃféadfaḋ sé m’éadan corruiġṫe ḟeiceál leis na lasraċa geala ḃí ag eirġe as. Leag mé láṁ ar an bpiostal. Ḃí sé faoi réir; an t-urċar agus eile ann.... Ḃí mé ag maċtnaṁ ar an gcaoi agus ar an tráṫ a bḟeárr an piléar ċur isteaċ ann. Rugas ar ṫoiteóg as an mbosca ḃí le m’ais. D’eiriġ liom an toiteóg a ḋeargaḋ. Ċuir mé cúpla gail i n-áirde uaim. Ċualas ag cainnt é. Ní raiḃ suim agam n-a ḃriaṫraiḃ. Naċ ḃféadfainn cipín a lasaḋ le n-a ṫoiteóg a ḋeargaḋ, agus an fad is ḃéaḋ sé ġá ḋéanaṁ é ċaiṫeaṁ? Ar ḃfeárr ḋom é ḋéanaṁ anois díreaċ, nó fanaċt go n-inn- seoċainn dó cé’n fáṫ ḃí agam leis?

“Nuair ḃíomar san Aifric Ṫeas le ċéile....”

Dá marḃóċainn ar an toirt é nárḃ aṁlaiḋ a bḟeárr ḋúinn beirt. Ṡín sé na cosa amaċ uaiḋ. Ṫeangṁaiġ cos díoḃ le mo ċois féin. Ṫáinic cineál creaṫaḋ orm....

“Fiċe bliaḋan! Támaoid ag dul i n-aois a Ṗóil. Ḃfuil cosaṁlaċt na haoise ag teaċt orm?”

Ní raiḃ ḟios aige naċ ḃféadfainn é ḟeiceál. Níor ċuala sé ariaṁ gur baineaḋ raḋarc na súl díom. Duḃras rud éigin faoi’n dorċadas.

“An doċtúir....”

Níor éist mé le n-a ċuid cainnte. I bpóca mo ċasóige ḃí an piostal agam. Ḃíos ġá cuimilt go