Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
69
DÍOĠALTAS

Ḃí an seanteaċ agus an seansaoġal a ċaiṫ mé féin agus mo ṁuinntir róṁam fágṫa ’mo ḋiaiḋ agam; ba laoċ, ba ġaisgiḋeaċ mé ag gluaiseaċt liom le gníoṁ a ḋéanaṁ ar son na tíre sin nár ġráḋuiġ mo ṡinnsir. Aċt ní ṫig liom cur-síos ar an aṫruġaḋ ṫáinic orm le goirid. Turas uaire aṁáin ḃí orm, aċt naċ iomḋa duine eile ċaiṫ saoġal na saoġal i n-aon uair aṁáin?

Cuireaḋ fáilte róṁam san teaċ ḃí faoi ċíos ag an ḃfear cinn airm sna sléiḃte. Rinne Sean-Ċrosaċ obair súl ḋom. Duḃairt sé naċ raiḃ ann aċt teaċ beag cosaṁail le teaċ feilméara.

Treóruiġeaḋ isteaċ i seómra mé. Ḃí an fear a raiḃ mé ar a ṫóir ann róṁam. Ċraiṫ sé láṁ liom.

“Tá fáilte roṁat, a Ṗóil,” ar seisean. “Suiḋ.” Ḃí teine ṁaiṫ ann agus an ḃeirt againn n-ár suiḋe le n-a hais.

“Tig linn cainnt a ḋéanaṁ gan solus,” ar seisean, “tá deoċ agus eile ar an mbórd annsin le t’ais.”

Ḃí eagla orm go ḃfeicfeaḋ sé ċoṁ corruiġṫe is ḃíos. Ṫug sé misneaċ ḋom naċ raiḃ solus aige sa seómra. An ġráin ḃí agam ḋó, ḃí ḟios agam naċ raiḃ ionnam í a ċeilt ar áit na mbonn. Dá gcuirfiḋe moill ḃeag ar an ḃfear aimsire, dá mbéaḋ easbaiḋ soluis air go ceann tamaill ḃig, ḃéaḋ liom. Ḃéaḋ an ḟéaċaint niṁneaċ ba léir ḋom ḃeiṫ im’ aġaiḋ faoi ḟolaċ agam.

“Is fada an t-aċar ó casaḋ le ċéile ċeana sinn,” ar seisean, “cé ṁéad bliaḋan é?”