Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
68
DÍOĠALTAS

ċuige! Aċt ní raiḃ sé an-ḟada uaim; an ḃféad- fainn cuairt ṫaḃairt air? Tógaḋ mo ċroiḋe arís. Teaċ beag ḃí aige sna sléiḃtiḃ go dtiocfaḋ biseaċ air, go ḃféadfaḋ sé críoċ a ċur le n-a ċuid oibre i nÉirinn....

“Gléastar an cóisde go beó,” arsa mise leis an ḃfear aimsire.

“An cóisde?” ar seisean agus iongnaḋ air.

“Seaḋ, a ḋiaḃail. Nár ċuala tú mé? An cóisde adeirim,” arsa mise.

Ní ċreidṫeá aċt an t-iongnaḋ ṫáinic ar Sean- Ċrosaċ. Níor ḟág an seanċóisde an teaċ ó cuireaḋ m’aṫair, aċt ṡíleas go ḃfeilfeaḋ sé do’n ocáid seo’ agus ar ḃealaċ naċ ḃfeilfeaḋ aon ġléas iomċuir eile. Ḃí maorḋaċt na seanaimsire ag baint leis; ḃí maorḋaċt ag baint leis an ngníoṁ ḃí le déanaṁ agamsa freisin....

Siḃse a ḃfuil amarc na súl agaiḃ tá an solus agus an dorċadas agaiḃ, tá an lá agus an oiḋċe agaiḃ mar ċloċa míle ḃur mbeaṫa; aċt ní aṁlaiḋ duinn-ne a ċoṁnuiġeann i saoġal duḃ de ṡíor. Níl againn-ne mar ċloċa míle na beaṫa aċt gníoṁ- arṫa gur fiú cuiṁneaḋ orra. Ba ċeann díḃ sin an turas oiḋċe ṫugas ’mo ṡeanċóisde aṫarḋa le marḃaḋ a ḋéanaṁ. Ba ṡaiġead soluis i ndaḃaċ mo ḋorċadais é. An seanċóisde maorḋa aṫarḋa sin dom’ iomċur ṫar bóiṫre garḃa cloċaċa agus gan ionam féin aċt oirnéis díoġaltais. Ní ar ṡon mo ṁic aṁáin ḃí mé le díoġaltas a ḃaint amaċ, aċt ar son na mílte mac eile fuair anḃás i nÉirinn leis na céadtaiḃ bliaḋan....