Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
67
DÍOĠALTAS

ceól ar an saoġal ċoṁ haoiḃinn le ceól an díoġaltais ḃí istiġ ’mo ċroiḋe féin....

Ḃí sé n-a lá nuair a ṡroiċeas mo ṫeaċ. Aċt naċ cuma lá ṫar oiḋċe ag dall de mo ṡórt? An cuartuġaḋ a rinneas go ḃfuaireas an seanġléas troda! Ḃí ḟios agam go raiḃ sé agam i n-áit éigin sa teaċ, aċt cé’n ait? Ní ḟéadfainn caḃair iarraiḋ. Níor eiriġ liom é ḟáġail ṫall ná i ḃfus. Dá mbéaḋṫá-sa le m’ais, a Ṁuirġéid! Ċuireas fios ort sa deire. Aċt ní raiḃ an teaċtaire aċt imṫiġṫe nuair ċuiṁniġeas ar ċúpla bosca taisdil ḃí agam ar áiléir. I dtóin bosca díḃ fuaireas an cara ḃí le cuidiuġaḋ liom....

Síos liom an staiġre go raiḃ mé ’mo ṡeómra féin, go raiḃ mé ’mo ċaṫaoir ṁóir ṡuaiṁnis féin agus an seanṗiostal agam. Ní ḃfuair mo ḃeiḋlín ariaṁ an cuimilt agus an ḃanaltraċt ċaoin is fuair an piostal. Ṡílṫeá orm gur ċeapas gur rud beó ḃí agam ann. Laḃras leis. Ṁolas é ar na gníoṁar- ṫaiḃ rinne sé ó múnluiġeaḋ i dtosaċ é. Ċuireas i gcéill ḋó go mbéaḋ a ġníoṁ deireannaċ faoi ċliú go deireaḋ aimsire. Agus ḃéaḋ, a Ṁuirġéid, maraċ tusa....

Ḃí an piostal i ngreim agam nuair a ṫáinig Sean- Ċrosaċ agus litir aige le m’aġaiḋ. Ní minic ḋom litir ḟáġail. Ní féidir liom ceann a léiġeaḋ, faraoir, agus ḃí dearmad déanta ag an saoġal orm le fiċe bliaḋan. Léiġ an fear aimsire an litir. Ba ó’n ḃfear cinn airm í.

Níorḃ ḟéidir leis ṫeaċt. Ṫuit an croiḋe orm. Tímpist beag d’eiriġ ḋó. Tuilleaḋ de’n tubuisde