Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
66
DÍOĠALTAS

Ċuaiḋ mé go dtí do ṫeaċ. Rugas ar an laisde. Tá déanaṁ aisteaċ neaṁċoitċiannta ar an laisde céadna mar is eól duit féin. Na méara na súile is géire ḃíos ag dall. Ċuir an laisde sin rud éigin i gcuiṁne ḋom. Ní raiḃ ḟios agam cé’n rud é. D’ḟan mé annsin sgaṫaṁ deas ag an doras, leis an seanċuiṁne a aiṫḃeoḋċaint. Ní raiḃ lúb ná casaḋ, alp ná cnap air nár ċuimil mé na méara ḋe fiċe uair, agus eaċtraí mo ṡaoġail ag gluaiseaċt ós coṁair mo ṡúl gan beóḋaċt ar nós tonnta na mara.

Ċonnaiceas, seaḋ giḋ dall mé, ċonnaiceas boṫán beag i lár maċaire san Aifric Ṫeas. Lá buiḋe broṫallaċ ḃí ann, agus ḃí an ḃeirt ḟear ar an ḃfosgaḋ ón ngréin—fear aca gonta agus an fear eile ag cuidiuġaḋ leis. Agus naċ é ḃí buiḋeaċ do’n ḟear leónta? Ní raiḃ aon rud aige naċ dtiuḃraḋ sé do’n té ṫárrṫáil é. Ba mise an fear gonta; an fear eile ḃí ag cuidiuġaḋ liom, b’é siúd an fear ḃí ós cionn an airm anois....

Ġeit mo ċroiḋe. Ḃí agam. Ċuir do laisde-se i gcuiṁne ḋom an aisge d’iarras air. Ní ġlacfainn aon rud uaiḋ aċt seanṗiostal ḃí aige, seanṗiostal rinneaḋ san Eadáil céad bliaḋain ó ṡoin. D’ḟéad- faiḋ an gníoṁ a ḋéanaṁ leis. Ní ḋéanfaḋ aon rud eile cúis. Ní ḃéaḋ aiṁreas ar biṫ air nuair a ṫasbáinfinn ḋó é. Ní ċuirfeaḋ an seanġléas troda sin faitċíos ar éinne. Agus ní ċeapfaiḋe aċt gur timpíst ḃí ann....

Ní ḋeaċa mé isteaċ ċugad an oiḋċe sin. Ġluais liom aḃaile. Ní raiḃ aon ċeól le clos agam sa gcoill giuṁaise atá le hais na haiḃne. Ní raiḃ