Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
65
DÍOĠALTAS

ċeól as aon ġléas dar ċeap fear ariaṁ. Rinneas dearmad ar an ḃfear cinn airm agus ar na coiriḃ ḃí déanta aige. Ní raiḃ sa saoġal aċt mé féin agus an ceól diaḃalta sin—agus Antoine Beag. Saṁluiġeaḋ dom go raiḃ seisean ann, go raiḃ sé le mo ṫaoḃ ann ag éisteaċt leis an gceól uaṫḃásaċ. .... Laḃras leis. Sgreadas air. Ṡín mé mo láṁ amaċ uaim le breiṫ air, aċt ní raiḃ sé ann. Naċ éasgaiḋ do ḋuine éaluġaḋ ó ḋuine eile san oiḋċe? Agus naċ ḃfuil sé n-a oiḋċe i gcoṁnaiḋe agamsa?

Aċt ṫuigeas go soiléir annsin céard ḃí déanta. Seaḋ, agus ṫuigeas freisin céard ḃí le déanaṁ....

Aċt cé’n ċaoi? Ḃíos ’mo ḋall agus níl sé éasgaiḋ ag dall gníoṁ de’n tsórt ḃí ceapṫa agamsa a ḋéanaṁ gan caḃair. Ṡíleas cuairt a ṫaḃairt ortsa, a Ṁuirġéid. ó ṁill tú na súile orm an oiḋċe uaṫḃásaċ úd, naċ dtiuḃrṫá iasaċt do ḋá ṡúil féin ḋom feaḋ cúpla lá? Ḃí olc agus gráin agat orm; ní raiḃ aon niḋ ar an saoġal naċ ndéanfá le maslaḋ ṫaḃairt dom, aċt ḃíos lán- ċinnte go gcuirfeá an fuaṫ ar cáirde nuair ċloisṫeá cé’n gnó ḃí agam díot.

Tá eólas maiṫ ar an stáir agam. Ṫosuiġeas ag maċtnaṁ ar ain-ḃás na dtíoránaċ ba ṁó cliú dá raiḃ ann ó ṫús. An ḃféadfainn aon ḃás aca imirt ar an t-é seo ḃain Antoine ḋínn?

Niṁ? D’ḟéadfaḋ dall niṁ a ċur i gcupán ċoṁ maiṫ le duine, aċt níor ṫaiṫniġ sé liom. Piléar? B’ḟeárr liom sin go mór, aċt nuair naċ raiḃ aṁarc na súl agam cé’n ċaoi d’aṁsóċainn é? Ní raiḃ sé an-réiḋ ar ċor ar biṫ....