Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
DÍOĠALTAS

“Nuair a ċualas gur tú cuireaḋ ċugainn,” arsa mise sa litir, “ḃíos ríméadaċ mar ḃí ḟios agam naċ ngéillfeá de ḃoige, ná de ṡeafóid, aċt go gcoiṁ- líonfá do ḋualgas cruaiḋ. An bás ḃí tuillte ag an dream sin i mBaile Áṫa Cliaṫ fuair siad é. Má ḃíonn lá saoire ar biṫ agat, b’ḟéidir go dtiuḃrṫá cuairt orm annseo. Tá iasgaireaċt ṫar bárr ann, agus beiḋ cainnt againn faoi’n tseanaimsir aoiḃinn ḃí againn le ċéile fadó san Aifric Ṫeas.”

Nuair ḃí an litir sgríoḃṫa agam, agus is mór an stróṁ ċuir sé orm a sgríoḃaḋ, aċt tig le dall féin sgríoḃnóireaċt a ḋéanaṁ aċt an gléas feileaṁnaċ ḃeiṫ aige ċuige, nuair ḃí an litir curṫa ċun bealaiġ agam baineaḋ meaḋċan mór de mo ċroiḋe. Ḃíos cinnte go dtiocfaḋ sé dá ḃféadfaḋ sé é ar ċor ar biṫ. Agus annsin....

Ní fios dom cé’n ċaoi ar ċaiṫeas an dá lá ḃí ċugam. Ḃí tráṫ an díoġaltais ag druideaḋ liom agus tá ḟios agadsa, a Ṁuirġéid, cé’n blas atá ar an díoġaltas. Aimsir an earraiġ ḃí ann, óige na bliadna, cuṁraċt bláṫ agus iṫir san aér ṫart orm, agus mo ċroiḋe féin ċoṁ héadtrom is ḃí sul ar bualaḋ dall mé. Naċ mbéaḋ an naṁaid, an fear ḃain mo ṁac ḋíom, ar mo ċoṁairle gan aon aċar?

Ḃuaileas amaċ. Naċ agam atá an ċuiṁne ar an oiḋċe sin! D’ḟan mé tamall sa gcoill ḃig giuṁaise atá le hais na haiḃne. Aimsir gaoiṫe anoir is gnáṫaċ ceól aoiḃinn ḃeiṫ sa gcoill sin. Ḃí an ceól ann, cinnte go leór—na mílte deaṁan díoṁaoin ag caiṫeaṁ saoire ṡílṫeá. Cuireaḋ aiteas orm. Cuireaḋ aoiḃneas orm. Níor baineaḋ a leiṫéid de