Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
63
DÍOĠALTAS

Ṁuirġéid, cé’n gaol ḃí agam le Antoine Beag. Ċuireas teaċtaireaċt ċugad. Ṡíleas go ḃféadfaḋ an ḃeirt againn sliġe éigin a ċeapaḋ le díoġaltas a ḃaint amaċ....

Aċt cé ḃí cionntaċ? Cé ṫuill an bás uaim? Rí Ṡasana? A Ṗríoṁ-reaċtaire? A Ḟear-ionaid? Fear an airm? Aċt is beag is féidir le fear a ḋéanaṁ ġan aṁarc na súl. Mo ṫruaiġ agus mo ṡeaċt gcéad truaiġ go ḃfuilim ’mo ḋall indiu, a Antoine Ḃig an Ċeóil....

Ṫáinic Sean-Ċrosaċ ar ais. Beart mór páipéirí aige. Ṫosuiġ sé ġá léiġeaḋ ḋom, aċt níor leig mise orm go raiḃ mórán spéise agam ionnta. Le dallóg a ċur air, ṫosuiġeas ag molaḋ luċt an airm, agus náire ṡaoġalta orm go raiḃ baint agam leó tráṫ dom’ ṡaoġal.

Luaḋ sé ainm fir.

“Cé’n t-ainm aduḃairt tú?” arsa mise.

Duḃairt sé i n-aṫ-uair é.

“Sin é atá n-a ḟear-cinn ar an arm faoi láṫair,” ar seisean.

“Tá mé tuirseaċ díḃ uilig,” adeirimse. “Sgrios agus ná feictear annseo arís indiu ṫú,” agus ṡílṫeá orm go raiḃ leisg an tsaoġail orm.

Aċt ní raiḃ. Ḃí seanaiṫne agam ar an ḃfear a luaḋaḋ. Ḃí sé n-a oifigeaċ óg ’n-aon ċipe liomsa tráṫ a raiḃ mé féin san arm fadó. Ḃíos cineál mór leis. Sé ḃí cionntaċ san dúnṁarḃaḋ....

Ċuir mé litir ag triall air. Ċuir mé fáilte roiṁe go hÉirinn. Ṁolas é gur ċuir sé an tEirġe-Amaċ faoi ċois....