Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
62
DÍOĠALTAS

go dtí do ṫeaċ, a Ṁuirġéid, agus coṁḃrón a ḋéanaṁ leat....

Ḃí Sean-Ċrosaċ, an fear aimsire, ag cur ḋe. Leis an ḃfuiseóig ḃíos féin ag éisteaċt; ṡílṫeá sin ar ċaoi ar biṫ.

“Ḃí clampar éigin i mBl’aṫ’ Cliaṫ?” arsa mise.

“Ḃí—cogaḋ mór. Losgaḋ....”

“Cogaḋ mór?”

“Seaḋ ṁ’anam. Ḃí cunntas faoi san bpáipéar.”

“Cuir diallaid ar an gcapall agus fáiġ na páipéir uilig ḋom. Iad sin ċuir an troid ar bun, ṫuill siad a ḃfuair siad. Déan deifir.”

Ḃí ḟios agam go raiḃ an fear aimsire ag féaċaint orm, gur ċeap sé go raiḃ mé gan croiḋe, go mba ċuma liom céard d’eiriġ do’n ċaraid óg ḃíoḋ ar cuairt agam. Aċt ní aṁlaiḋ ḃí. D’eiriġ sean- ṁisneaċ na hóige ionnam. Geineaḋ diaḃal ionnam. Ṫosuiġ sé ḋom’ ġríosaḋ. An mac sin dá dtugas gean mo ċroiḋe dúnṁarḃuiġeaḋ é. An fear ḃí ionnam? An raiḃ sé de ṁisneaċ agam díoġaltas a ḃaint amaċ?

An diaḃal ḃí istiġ ’mo ċroiḋe níor ṫáinic coṁnaiḋe air aċt é ag tafaint orm, ag caiṫeaṁ tarcuisne orm naċ raiḃ ionnam aċt seanċarnán feóla ó ċailleas raḋarc na súl. Músgluiġeaḋ an fonn ċun díoġaltais. Dá mbéaḋ an fear ḃí cionntaċ san dúnṁarḃaḋ agam stracfainn an ḟeóil dá ċnáṁaiḃ mara mbéaḋ aon ċaoi eile le n-a ċur dá ṫreóir. Aċt níor ṁór ḋom ḃeiṫ ar m’aire. Ní ḋéanfaḋ sé cúis dá gceapfaiḋe go raiḃ mé niṁneaċ. Ḃí lúṫġáir orm naċ raiḃ ḟios ag neaċ aċt ṫú féin, a