Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
61
DÍOĠALTAS

Ḃí ḟios agam air nárḃ é an deáġ-sgéal ḃí aige. Ṫosuiġeas ag cur caoi ar an teiniḋ, ionnós naċ ḃfeicfeaḋ an fear aimsire a ċorruiġṫe is ḃí mé.

“Céard a ċuala tú?” arsa mise, agus ní ṡílim go mbéaḋ ḟios ag aon duine dá ṫuigsionaiġe é an imniḋe ḃí orm.

“Ar ḋeis Dé go raḃ sé,” ars an fear aimsire go diaḋanta agus truaiġ aige ḋom. Ḃí ḟios aige ċoṁ mór is ḃíomar le ċéile—dá mbéaḋ ḟios aige go mb’é mo ṁac féin é!

D’eiriġeas ’mo ṡeasaṁ. Níor ḟéad mé ceist ċur air.

“Tá sé faoi’n ḃfód le deiċ lá,” ar seisean; ṫáinic toċt air—“má’s fód atá ós a ċionn, agus ní ṡílim gurb eaḋ aċt gainiṁ agus aol....”

Ní ċeapṫá ormsa go raiḃ spéis ar biṫ agam n-a ċuid cainnte: lean sé ḋá sgéal—

“Marḃuiġeaḋ deiċ lá ó ṡoin é i mBaile Áṫa Cliaṫ.... seanṗáipéar fuaireas ar maidin agus ḃí a ainm ann.... luċt an airm a ṁarḃuiġ é.... dá mbéaḋ ḟios agatsa é, a ṁaiġistir, b’ḟéidir go ḃféadfá cosg a ċur leó: ḃí tú féin san arm uair, naċ raiḃ?”

Níor leigeas orm go raiḃ mé ag éisteaċt leis ar ċor ar biṫ. Go deiṁin, an uair sin, is ar éigin a ṫuigeas céard ḃí ġá ráḋ aige agus an toċt ṫáinic orm. Ḃí bárr na fuinneóige fosgailte agam. Ḃí cuṁraċt túis an tsaṁraiḋ ag eirġe aníos as an iṫir. Fuiseóg ag gaḃail ceóil go croiḋeaṁail i n-áirde sna spéirṫiḃ.... ní ċloisfeaḋ Antoine Beag an ceól sin arís ċoiḋċe.... ṫáinic fonn orm a ḋul