Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
DÍOĠALTAS

ṡeól Dia isteaċ ċugam é an ċéad uair? ar noċtuiġ sé ḋuit ariaṁ cé’n gráḋ ḃí aige orm? Snaḋm na seaċt snaḋm ḃí eadrainn.... dá mbéaḋ a ḟios agam gur faoi’n gcré ḃí tú ar feaḋ an aċair, a Antoine Ḃig an Ċeóil!

Trí seaċtṁainí ċuireas ṫarm faoi ċéasaḋ agus faoi ċráḋ gan an teaċ ḟágail go dtáinic an fear aimsire isteaċ sa seómra ċugam maidin.

Ċualas ag imṫeaċt ṫart é agus leisg air imṫeaċt. Ḃí súil agam go nglanfaḋ sé leis, agus go ḃfágfaḋ sé liom féin mé le mo smaointe duaiḃseaċa a ḋéanaṁ. Aċt ní raiḃ baoġal air. Ṡíl sé cainnt a ċur orm cúpla uair aċt ċuireas cosg leis.

“A ṁaiġistir,” ar seisean.

Ní ḃfuair sé freagra uaim.

“An fear óg sin ḃíoḋ ag teaċt ar cuairt annseo....”

Ġeit mé.

“Seól isteaċ annseo go beó é, a amadáin,” arsa mise, agus d’eiriġ mo ċroiḋe go raiḃ sé tagṫa faoi ḋeireaḋ. Naċ maiṫ a ḃí ḟios agam naċ ḃféadfaḋ sé fanaċt uaim!

Aċt níor ċorruiġ an fear aimsire. Ṁoṫuiġeas é ’mo aice agus fonn cainnte air. Dá mbéaḋ raḋarċ na súl agam, d’ḟeicfinn an truaiġ ḃí aige ḋom n-a ṡeanéadan rocaċ.

“Déan deifir agus seól isteaċ é,” arsa mise go borb, “deifir!”

“Aċt níl sé ann, a ṁaiġistir—”

“Cé’n ċainnt sin ort mar sin? Imṫiġ!”

“Aċt tá sgéala agam faoi—”