Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Díoġaltas

An seanċeóltóir, Pól Duḃ, ag cainnt:—

Maiṫ ḋom, a Ṁuirġéid; maiṫimís dá ċéile ó tá ár mac Antoine Beag an Ċeóil ar lár....

Ċuireas fios ort, a Ṁuirġéid, nuair a ċualas an sgéal mór sin, aċt níor ṫáinic tú. Ní móide go ḃfuair tú an teaċtaireaċt ariaṁ: ḃí tú as baile ċualas ó ṡoin—má cuirtear ceist ort cá raiḃ tú nó cé’n gnóṫa ḃí agat ann ní call duit freagra a ṫaḃairt—aċt sílim go ḃfuil ḟios agam féin é. Molaim ṫú má’s fíor mo ḃaraṁail....

Ċuir Antoine maslaḋ orm an oiḋċe ḋeireaḋ leagas súil air; ní fios dam anois cé’n fáṫ gur ċuir sé as an teaċ mé, agus ċoṁ mór is ḃíomar le ċéile. Mearḃall intinne éigin ṫáinic air ċeapas; ní ḃéaḋ sé ró-ḟada go dtioċfaḋ sé ċugam agus ṁaiṫfinn ḋó. Ḃéaḋ greas againn ar an seanḃeiḋlín. agus ní ċuiṁneóċaḋ ceaċtar againn ar an mire ṫáinic air an oiḋċe sin. Aċt d’imṫiġ lá, agus d’imṫiġ ḋá lá, agus d’imṫiġ trí lá, agus níor ṫáinic sé. Ní raiḃ a ṫásg ná a ṫuairisg le fáġail ṫall ná i ḃfus. D’eiriġ mé an-uaigneaċ gan é. Níor ḟan croiḋe ná misneaċ agam. Gaċ uile ċoisméag dá gcloisfinn, b’é Antoine ḃí ann ċeapainn; cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ sé fanaċt uaim agus an gean ḃí againn

dá ċéile? Ar innis sé ḋuit ariaṁ cé’n ċaoi ar

59