Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
73
DÍOĠALTAS

do réir a ċéile. Ġeiteas ag an naoṁaḋ buille. Ṫuigeas céard a ḃí air.

“Agus an ḃfeiceann tú anois mé?” arsa mise.

“Ní ḟeicim. Tá faitċíos orm naċ ḃfeicfiḋ mé aon ċeó arís ċoiḋċe.”

“Cé’n ċaoi a ḃfeicṫeá gan solus?” arsa mise.

Ḃí éadaċ casta timċeall ar a ċeann. Ṁoṫuiġeas é ġá ḃaint de.

“Naċ uaṫḃásaċ an feic mé, a Ṗóil,” ar seisean. D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ. Ḃí sé beagnaċ buailte liom.

“Naċ gránda an raḋarc mé,” ar seisean go brónaċ, “agus duḃraḋ uair go raiḃ mé andaṫ- aṁail.”

Beirt ḋall i seómra ḋorċa! beirt ḋall agus duine aca ar tí an duine eile a ċaiṫeaṁ!

“Aċt níl mé daṫaṁail anois, agus ní ḃeiḋ arís ċoiḋċe. Féaċ an t-éadan millte sin—”

Ní raiḃ ḟios aige cé’n ḃail ḃí orm féin. Níor leigeas orm naċ ḃfaca mé an sgrios ḃí déanta.

“Ní abróċar arís ċoiḋċe gur fear breaġ daṫaṁail mé.”

Ḃíomar taoḃ le taoḃ annsin, agus guala le gualainn, agus gan raḋarc na súl ag ceaċtar againn....

Ċuireas ceist air.

“Seaḋ, bean a rinne an obair seo.... ó, cá ḃfios ḋom? Ola éigin losgaċ ċaiṫ sí liom....”