Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
74
DÍOĠALTAS

Níor ḟéadas é ċaiṫeaṁ. Ba uaṫḃásaiġe an ḃail cuireaḋ air ná aon ḃás. Ċuiṁniġeas ar ar ḟulaing mé féin. Is beag naċ raiḃ truaiġ agam ḋó....

A Ṁuirġéid, tig leat é innseaċt domsa faoi rún: an aṁlaiḋ gur fágaḋ braon beag de’n ola ḃain na súile asamsa sa mbuidéal, agus gur leis rinne tú an gníoṁ? Ar ḃain tú díoġaltas de’n ḟear ḃain do ṁac díot ar an dóiġ ċéadna agus leis an ola ċéadna is a ḃain tú díoġaltas de’n té ṫug an mac duit?