Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
11
CEÓLTÓIRÍ

“Ḃí: ó ṫosaiġ an ceól—an ceól draoiḋeaċta sin ḃíos annseo ’ċ uile oiḋċe—”

Ċuir an dall isteaċ air.

“Dúil sa gceól ṫug annseo ṫú: Ḃfuil ceól agat féin?”

“Tá beagán—”

Duḃráḋ leis port a ṡeinnt. Ḃí Antoine Beag n-a ċeóltoir ó ḋúṫċas. Is beag ceól dá gcuala sé ariaṁ naċ ḃféadfaḋ sé aiṫris ḋéanaṁ air. Ċroċ sé suas port aeraċ, ceól meiḋreaċ a ḃog croiḋe an daill. Ċas sé ar an bport go dtáinic boige agus binne ann, ar nós an ċeóil ḃí ġá ġaḃail tamall beag roiṁe sin.

Má ḃí súile gan beoḋaċt gan léargus ag fear an Tiġe Ṁoir, ḃí cluasa aige rinne obair cluas agus súl ḋó. An ceól dár ġaḃ sé féin, agus ḃí ġá ċleaċtaḋ ag an stócaċ ċoiṁṫiġeaċ seo, ċuir sé i gcuiṁne do’n dall eaċtraí n-a ṡaoġal féin sul ar ḃuail an dorċadas é. Ġoil na seanċuiṁní ċoṁ mór sin air ’s go mb’éigin dó cosg a ċur leis an gceóltóir óg....

Ḃí sé amuiġ san oiḋċe nuair sgar an ḃeirt ċeóltóirí le ċéile. Ḃí ḟios ag an ḃfear dall gur aḋḃar maiṫ ceóltóra ḃí san ógánaċ, aċt ḃí iongantas air go dtig sé cuireaḋ ḋó ṫeaċt arís oiḋċe eile.

A ċeóltoir ḋaill céard a ċuir do ċeann a leiṫéid a ḋéanaṁ agus cuireaḋ ṫaḃairt do stócaċ óg naċ ḃfaca tú ariaṁ ċeana? Naċ iongantaċ leat féin é a ċéoltóir—fear mar ṫú naċ raiḃ duine do ṫeaċ agad le cúig bliaḋna déag? Agus ó ṡíl an stócaċ céadna gur luaḋuiġ tú a ainm, go raiḃ cineál