Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
CEÓLTÓIRÍ

aiṫne draoiḋeaċta agat air, naċ raiḃ ceart agat innseaċt dó naċ aṁlaiḋ ḃí an isgéal?

V

I ndiaiḋ a ċéile d’eiriġ dlúṫ-ċáirdeas idir an mbeirt—idir Pól Duḃ, fear an Tiġe Ṁóir, agus Antoine Beag ó Gríoḃṫa, nó Antoine Beag an Ċeóil mar tugaḋ air. Is corr-oiḋċe naċ mbíoḋ Antoine Beag an Ċeóil ar cuairt ann, agus is annaṁ naċ dtiuḃraḋ sé port nuaḋ aḃaile leis. Dá mbéaḋ sé gan teaċt ḃíoḋ uaigneas ar Ṗól. Ḃíoḋ se mí- ṡasta cantalaċ. Ḃeireaḋ sé ar a ḃeiḋlín agus ḃaineaḋ greadaḋ ceóil as. Ċaiṫeaḋ sé uaiḋ arís é: cé’n ṁaiṫ ḃéiṫ ag gaḃail ceóil gan luċt éiste agat? Ġlaoḋaḋ sé ar Ṡean-Ċrosaċ. Deiread sé leis go mbéaḋ air sgaraḋ leis, naċ raiḃ sé ag déanaṁ a ġnóṫa mar ba ċóir, naċ raiḃ ann aċt sgafaire leisgeaṁail gan maiṫ....

Ḃualaḋ sé amaċ faoí’n spéir annsin. Ṡiuḃlaḋ sé leis féin ar an mbán le n-a ṁaide treóir agus cluas air. Fuamanna beaga aisteaċa na h-oiḋċe ba ḃreáġṫa leis an dall. Ní bíoḋ fuaim díḃ naċ mbíoḋ ḟios aige cé as a dtáinic sé agus céard a rinne é; dá leigfeaḋ bó géim aisti ḃéaḋ ḟios aige cé’n t-aċar uaiḋ ’raib sí. D’aiṫneóċaḋ sé ’ċ uile ċrann sa gcoill ar an gceól ġníṫeaḋ an ġaoiṫ n-a ċraoḃaċaiḃ—agus ḃíoḋ leas-ainm aige ar gaċ ceól díḃ—ċeól na guiṁaise ḃíoḋ ag síorċaoineaḋ na marḃ, ceól na fuinnseóige ḃíoḋ ċoṁ meiḋreaċ le