Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
13
CEÓLTÓIRÍ

bainrioġain na síḋe oiḋċe Ḃealtaine, ceól na gcrann daraċ ḃíoḋ go maorḋa agus go soluṁanta—ba ḃinn le cluais an daill iad uile. Ṫéiḋeaḋ sé go dtí easaċ ḃí i ngar do’n Teaċ Mór agus ċaiṫeaḋ sé cuid ṁaiṫ de’n oiḋċe ag éisteaċt le n-a ġlór. Dá mbéaḋ baisteaċ ann dob aṁlaiḋ dob ḟearr leis é. Annsin ḃíod raḃarta mór uisge dul le fanaiḋ ann agus d’ḟanaḋ an dall ag éisteaċt leis an tormán agus aoiḃneas air.

Is minic fuair Antoine Beag an Ċeoil annsin le cois an easaiġ é, a ḃairéad bainte ḋe aige, a ċeann mór mongaċ duḃ i n-áirde, an ġealaċ ag soillsuiġaḋ anuas air, cluas air ag éisteaċt le ceóltaiḃ oiḋċe na cruinne....

Ṫeiḋeaḋ an ḃeirt ċarad aḃaile le ċéile annsin agus ḃíoḋ ceólta le clos sa Teaċ Mór go fáinne an lae go minic.

Ḃí cáil an ċeóil amuiġ ar Antoine Ḃeag. Is minic tugtaí cuireaḋ ḋó ḋul ar an mbainis seo nó ar an gcéiliḋ sin. Agus ṫeiḋeaḋ. Níorb ḟeárr leis rud ar biṫ ná a ċlisteaċt ṫasbáint. Ḃí sé tugṫa suas ḋó naċ raiḃ fear ceóil sa taoḃ sin tíre aċt é féin. Ṡáruiġ sé uile go léir iad.

Aċt cá ḃfuair sé an ceól aisteaċ iongantaċ ḃíoḋ ġá ġaḃail aige? Ní raiḃ ceapaḋ ag éinne gur sa Teaċ Mór ṫóg sé é: Ḃí droċ-ċail ar an áit, mór-ṁór san oiḋċe, agur níor facṫas é dul ann nó ag teaċt as ariaṁ: dá dteiḋeaḋ féin naċ beag an ḟáilte ḃéaḋ roiṁe ag an dall crosta dorċa? Sin é ceapaḋ.

Fiafruiġeaḋ dá ṁaṫair cá’r ḟoġluim sé an ceól