Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
CEÓLTÓIRÍ

—an ceól draoiḋeaċta mar tugaḋ air. Aċt ḃí sise ċoṁ dall le cáċ. Ní raiḃ ḟios aici aċt oiread cá mbíoḋ sé ag déanaṁ an airneáin. Ṁéaduiġ sin an t-iongantas. I leabaiḋ a ċéile ṫosuiġ daoine ag ceapaḋ naċ stócaċ saoġalta ḃí i n-Antoine Beag an Ċeóil. Naċ mbíoḋ sé ag imṫeaċt leis de ṡiuḃal oiḋċe ṫar na bántaiḃ ar nós duine naċ raiḃ “ceart?” Cad ċuige nár ṁéaduiġ sé? Cad ċuige naċ raiḃ sé breáġ mór ar nós stócaiġ dá aois? Agus an daṫ ḃí air! Ar ndoiġ níor facṫas ariaṁ malraċ ḃí ċoṁ tnáiṫte leis, ċoṁ bán sna ceannaċaiḃ leis, ċoṁ caol sna guailniḃ leis, ċoṁ h-éadtrom leis—ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ ṫar cúig cloċa meaḋċain agus ceiṫre bliadna déag caiṫte aige! Maidir le n-a ḋá ṡúil—ḃí doiṁneaċt agus ciall na seaċt suaḋ ón Oirṫear ġá noċtaḋ ionnta! Agus an ċainnt aisteaċ ḃíoḋ aige go minic—ár ndoiġ dá mba ógánaċ “ceart” ḃí ann ní laḃraḋ sé ar an mbealaċ sin....

Duḃairt bean le bean eile go raiḃ ḟios aice cá ḃfuair Antoine Beag an ceól; go raiḃ sé n-a rún agus nár ṁaiṫ léiṫi an sgéal a leaṫaḋ air—aċt ó’s ise ḃí ann, nár misde léiṫi a innseaċt, go raiḃ ḟios aice naċ ngaḃfaḋ an sgéal níos fuide, nár ṁaiṫ léiṫi doċar a ḋéanaṁ go éinne beó, naċ ndeárna ariaṁ agus naċ ndéanfaḋ ċoiḋċe.... agus ḃí an-ċogarnaċ aca!

Duḃairt an ḃean eile leis an ngaoiṫ aniar go raiḃ laṁ-istiġ ag Antoine Beag an Ċeoil—agus ag a ṁaṫair—leis na daoine maiṫe, gur uaṫa d’ ḟoġluim sé an ceól; agus maraċ gur innis an