Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
30
CEÓLTÓIRÍ

“Cúig bliaḋna déag i gceann míosa—”

“Is fada, fada an t-aċar é.... aċt dá mbeaḋ ḟios agamsa go raiḃ tú beó—ṫú-ḟéin agus do ṁac .... tú ḟéin agus ár mac—”

Ċuir an ḃean isteaċ air go fioċṁar.

“De réir do ċuid cainnte ċuir tú aiṫne air ċeana, aċt fógruiġim anois ort gan aon ḃaint ḃeiṫ agat leis feasta. Is dóċa gur innis tú ḋó cé’n gaol ḃí agat leis—

“Níor innis. Ní raiḃ ḟios agam é. Ní raiḃ ḟios agam go mba tusa a ṁaṫair. Níor ċeapas aċt go mba gasúr beag tuaṫa é agus dúil aige i gceól: aċt ó tá ḟios agam anois é—”

Ní raiḃ sé d’uain aige innseaċt di céard ḃí faoi a ḋéanaṁ. Ṫainic buile ar an mnaoi.

“Fógruiġim ort,” as sise, “gan bacaḋ leis. Mise rug é. Mise ṫóg é—liom ḟéinín ḟéin aṁain; agus coinneóċad greim air an ḟad is beó mé. A Ṗóil Duiḃ, ní ḋeaċa mé a ċodlaḋ aon oiḋċe le cúig bliaḋna déag gan mo ṁallaċt mór a ċur ort. Níor ċaiṫ mé lá ar feaḋ an aċair ḟada sin gan buiḋeaċas ṫaḃairt do Ḋia gur eiriġ liom cuid ḃeag de mo ḋíoblas ḃaint amaċ—”

Ḃí an dall ag iarraiḋ bealaċ a ḋéanaṁ treasna an úrláir agus ḋá ḃualaḋ féin i n-aġaid an trosgáin ḃí sa tsliġe.

“A Ṗóil Duiḃ,” ar sise, “níor ċeapas ge dtí le goirid go raiḃ tú dall amaċ ’s amaċ. Dá mbéaḋ ḟios, ba ṁóide mo ṡonas ar an saoġal é. Aċt an luṫġáir ṫáinic ar mo ċroiḋe an lá ċeana! An gliondar ḃí orm nuair ċonnaiceas sa gcoill ṫú, agus