Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
29
CEÓLTÓIRÍ

iarraiḋ ort? Cé’n aiṫne ḃí aige ort an uair sin aċt aiṫne ḃeag? Agus má ċuala sé droċċáil ort, agus má ċreid sé sgéalta fút naċ raiḃ fíor, ní iarrtar ort a ráḋ naċ ndeárna sé coir id’ aġaiḋ, ní iarrtar ort aċt na spéaclairí gorma sin a ḃaint ḋá ṡuiliḃ, agus a ḟiafruiġe ḋíot féin, nár ḋíol sé as a ċoir, naċ ḃfuil maiṫeaṁnas tuillte aige....

A Ṁuirġéid an ċroiḋe ċloiċe, bíoḋ truaiġ agat ḋó, naċ mbeiḋ anois a Ṁuirġéid?

Ḃí an ḃeirt aca n-a dtost go ceann sgaṫaiṁ. Olc i gcroiḋe na mná. Luṫġáir uirri gur eiriġ léiṫi iomlán a díoġaltais a ḃaint as, an oiḋċe uaṫḃasaċ sin cúig bliaḋna déag ó ṡoin. Eisean agus iongantas air, agus alltaċt air, agus uaṁan air, go raiḃ an ḃean sin a ṁasluiġ sé, agus a ṫréig sé, agus a ġráḋuiġ sé n-a óige tagṫa ar ais, an ḃean sin a ṁill a ṡaoġal air, agus ḃí lán d’urċóid agus d’olc ḋó anois féin. Nár ċuala sé go raiḃ sí faoi ’n gcreafóig bliaḋntaiḃ fada ó ṡoin, nár ċuala agus nár ċreid? Nár ċuir sé a tuairisg ṫall is i ḃfus gan tairḃe?

“Agus.... agus.... agus tusa maṫair Antoine?” ċuaiḋ sé anċruaiḋ air an ċeist a ċur.

“Mé.”

Ḋeiriġ an dall smaointeaċ. Ṡílṫea gur leis féin ḃí sé ag cainnt nuair a duḃairt:

“Agus d’inis sé ḋom go raiḃ sé cáiṫre bliaḋna déag caiṫte....”