Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
38
CEÓLTÓIRÍ

ag dul faoi, an ḟairge ṁór n-a codlaḋ faoi ’n an ngealaiġ, céadḃláṫa an earraiġ, lil bán ag snaṁ go suanṁar ar ḃárr loċa, meangaḋ gáiriḋ ar ḃéal agus i súil na mná is annsa leat ar an saoġal....

An focal fileaḋta duḃairt sé faoi ’n meangaḋ ṫáinic ar a béal féin an lá sin, ḃí sé n-a cluasaiḃ anois. Ṫosaiġ seanċuiṁní ag bruġaḋ isteaċ uirri dá buiḋeaċas agus í i ḃfolaċ annsin ar ċúl na sgeaċ ag féaċaint ar a mac agus ar a aṫair. Ní raiḃ breiṫeaṁnas aici ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig aċt a ḃreiṫeaṁnas siúd. Ní raiḃ súile aici aċt a ṡúile-san. Dá n-abróċaḋ seisean go raiḃ aon rud dá ḃfacadar análuinn ḃí sé aṁlaiḋ. Dá gceapfaḋ sé go mb’ ḟiú ḋóiḃ ḋul annseo nó annsiúd dob ḟiú é ar ndóiġ.

Ċuiṁniġ sí annsin gur ar rudaiḃ d’ḟeicfiḋe leis an tsúil is mó ċuireaḋ sé síos agus é ag tráċt ar áilne an tsaoġail. Agus ní raiḃ súil aige anois: an raiḃ aon áilneaċt le feiceál aige ar an saoġal aċt an oiread léiṫi fein?

Dá mbéaḋ ḟios aici é! Dá ḃféadfaḋ sí a ċlos anois! Ḃí sé ag cur síos go fileaḋta ar eirġe- gréine, ar eirġe-gréine ċonnaic sé n-a óige agus an ḃean ḃí ar ċúl na sgeaċ le n-a ṫaoḃ. Gaċ uile aṫruġaḋ dá dtáinic ar an spéir ó’n gcéad ġealaḋ san oirṫear go raiḃ an ġrian ós cionn talaṁ, ṫráċt sé air go bríoġṁar agus go h-áluinn; an duḃ ag dul i nguirme, an gorm ag dul i ngile, an ġileaċt ag iompugaḋ n-a airgead, an t-airgead ag iompuġáḋ go h-ór, agus gaċ mion-aṫruġaḋ ṫagaḋ ar gaċ daṫ díḃ sin, gur ċeap an stócaċ go raiḃ raḋarc draoiḋeaċta éigin ag an dall agus go raiḃ sé ag