Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
2
CEÓLTÓIRÍ

cuid de’n ṁargaḋ ḃí idir fear an Tiġe Ṁóir agus an sean ḃuaċaill—an diaḃal ḃeiṫ n-a ṁaiġistir ceóil aige le na ḃeó! Ċuirfeaḋ cuiḋ eile ’n-a luiġe ort naċ ceól ḃíoḋ ann ar ċor ar biṫ aċt caoineaċán na marḃ—glórṫa mí-ṡuaiṁneaċa ó’n tsíoraiḋeaċt— mar ní raiḃ aon ḟear de ḃunaḋ Ṗóil Ḋuiḃ le cúig glún anuas naċ ḃfuair an-ḃás éigin....

Aċt má ċuala a lán an ceól, cá raiḃ an t-é d’ḟéadfaḋ a raḋ go ḃfaca sé an ceóltóir? Ní raiḃ sé ann. San oiḋċe nuair ḃíoḋ Pól Duḃ n-a suiḋe n-a ċaṫaoir ṁóir ṡuaiṁnis agus an seanḃeiḋlín faoi n-a uċt aige, ḃíoḋ dallóga troma duḃa ar na fuinneógaiḃ, agus lampa árd n-a ṡeasaṁ ar an urlár le n-a ais. Ḃíoḋ na dallóga duḃa troma céadna orra i lár an lae ġil gréine, agus an lampa árd céadna ar lasaḋ le n-ais, aċt mo léan! Ní raiḃ call leis an lampa sin de ló ná d’oiḋċe—ḃí an ceóltóir iongantaċ n-a ḋall....

Ḃí an ceóltóir, ḃí Pól Duḃ n-a ṡuiḋe oiḋċe n-a ċaṫaoir ṁóir agus an seanḃeiḋlín i ngreim aige nuair bualaḋ cnag beag ar an doras. Ḃí ḟios aige cé ḃí ann. Níor ṫáinic aon duine isteaċ ṫar tairsiġ an tseómra sin le cúig bliaḋna déag, aċt Sean-Crosaċ an t-aon searḃóġantaiḋe aṁain ḃí sa Teaċ Mór. Aċt b’éigin do Ṡean-Ċrosaċ féin foiġid a ġlacaḋ ag an doras gur ḟág a ṁáiġistir an gléas ceóil uaiḋ, gur ḋeasaiġ sé na spéaclairí móra gorma ar a ṡróin leis na puill gránda ḃí ’n-a ċloigeann a ḟoluġaḋ. Níor facṫas ariaṁ é gan na speacláirí sin: ó dallaḋ é ní leigfeaḋ an ṁórċúis ḋó a loit noċtaḋ do éinne.