Jump to content

Seacht mBuaidh an Eirghe-amach/7

From Wikisource
272086Seacht mBuaidh an Eirghe-amach — M'Fhile Caol DubhPádraic Ó Conaire

[ 181 ]



AN SEAĊTṀAḊ BUAIḊ

.i.

M’ḞILE CAOL DUḂ


[ 183 ]

M’Ḟile Caol Duḃ

Leaḃráin ḃeaga filiḋeaċta agus dánta ionnta a ṫógfaḋ do ċroiḋe leis an ḃfíor-áilne atá ag baint leó—sin a ḃfuil fágṫa againn anois de ṡaoġal agus de ṡaoṫar an Ḃúrcaiġ Duiḃ a ċleaċtuiġ céard an ḟile i mBaile Áṫa Cliaṫ le n-ár linn féin. Seaḋ, na leaḃráin do-ḟáġalṫa seo—agus cuiṁne ċruaiḋ i gcroiḋe mná.

Aċt ḃí súil ag a ċáirde uile le n-a ṁalairt tráṫ: pé áit a raċas tú faoi láṫair, má ḃíonn daoine ag cur síos ar an Eirġe-Amaċ ann, cluinfear an ċeist: céard a ṫárla do’n Ḃúrcaċ Duḃ? Cé’n ḃaint ḃí aige leis na gníoṁarṫaiḃ iongantaċa rinneaḋ le linn na Cásga 1916? Agus nuair adeirtear le luċt na gceist a ċur, naċ ndeárna sé faic aċt dán molta a ċeapaḋ ar na fearaiḃ a rinne, bíonn iongnaḋ ar ċáċ; ní cáintear é i n-aon áit, agus sin cruṫuġaḋ iomlán ṡíoraiḋe go ḃfuil coṁḃáiḋ agus tuigsint ag baint le fearaiḃ Fáil, mar ḃí cáineaḋ tuillte aige má ḃí ag aon ḟear ariaṁ nár ċaḃraiġ sé le n-a ṡoisgéal le gníoṁ, agus an ḟail aige.

Casfar a lán daoine leat ḟéadfas innseaċt duit cé’n sórt duine ḃí ann nuair cuireaḋ aiṫne air sa gcaṫair i dtosaċ; gur ḃíoḋg sé croiḋe na bantraċta le n-a ḃinnḃriaṫraiḃ fileaḋta agus le draoiḋeaċt [ 184 ]a ġlasrosg, agus gur ġríosaiġ sé na fir ċun gníoṁ- arṫa móra le teas agus le dísleaċt a ṁeóin, an dá ḃaraṁail is coitċianta ċluinfeas tú. Is iomḋa bean agus tig luisne n-a gruaḋ agus loinnir n-a súil nuair ḃíos sí ag cur síos air; agus má ḃíonn aon aiṫne ṁaiṫ agat uirri, innseóċaiḋ sí ḋuit cé’n uraim ṁór ḃí aici ḋó tráṫ; aċt má tá léargus ar biṫ agat ar ċroiḋe mná tuigfiḋ tú go ḃfuil an uraim ḃanda sin anġaolṁar leis an ngráḋ. Tá cuid eile de na mnáiḃ agus beiḋ siad ag gaḃáil leiṫsgéil leat faoi naċ raiḃ sa ḃfile gníoṁ a ḋéanaṁ i n-aimsir na ngníoṁ, agus má ċuireann tú i gcéill dóiḃ seo naċ easbaiḋ misniġ ḃí air beiḋ siad mór leat go deó na ndeór....

Casaḋ mórṡeisear ban liom le goirid. Ḃí aiṫne ag an uile ḃean díḃ ar an ḃfile, ar an mBúrcaċ Duḃ—aiṫne ṁaiṫ ag cuid díḃ, agus aiṫne súl aṁáin ag an gcuid eile—aċt ní raiḃ bean díḃ nár ċaiṫ cuid ṁaiṫ de’n aimsir ag cur síos air. Triúr díḃ nár laḃair aċt ar a ċuid filiḋeaċta: ní raiḃ aca air aċt aiṫne cáil. Beirt eile agus ṁoladar é ar ḋaṫaṁlaċt a ṗearsan ar ḋóiġ ċuṫalaċ ḃanda: tús gráḋa an molaḋ sin duḃras liom féin. Bean eile díḃ, agur ḃí a raiḃ de ḋroċ-sgéaltaiḃ náireaċa duḃraḋ faoi ariaṁ ar ḃarr a teangan aici: bean nár ṫug sé aon áird uirri ariaṁ b’eaḋ í siúd. Aċt an ḃean eile, an seaċtṁaḋ bean—ḃí niṁ n-a croiḋe siúd do’n ḟile. Is beag nár réabaḋ an dlúṫ- ċáirdeas luaċṁar atá eadrainn le na bliaḋantaiḃ nuair a ṡíleas páirt an ḟile a ġaḃáil léiṫi. Ḃris sí isteaċ orm leis an sgéal seo:—

[ 185 ]

SGÉAL NA MNÁ

I

Cé’n maiṫ ḋuit ḃéiṫ ag cainnt ná ag iarraiḋ a leiṫsgéal a ġaḃáil! Naċ agamsa atá an aiṫne ṁaiṫ air! A Ḃúrcaiġ na filiḋeaċta a ḃfuil an draoiḋeaċt ’do ḋá ṡúil, agus an focal beó binn ’do ḃéal ċun mná a ṁeallaḋ, tá aiṫne agamsa ort, an aiṫne naċ mbronntar aċt ar ḃeagán! Ná raḃ an aiṫne ċuirp agus anamna sin ag aon ṁnaoi ar aon ḟear mar é arís ċoiḋċe....

Cúig bliadna ḃíos pósta nuair ċonnaiceas i dtosaċ é. Ní raiḃ aon ċlann orm. Ḃí m’ḟear—céard is féidir liom a ráḋ aċt go raiḃ an ḃeirt againn sáṫaċ tuirseaċ dá ċéile? Tuirseaċ dá ċéile—seaḋ, sin é an focal is feileaṁnaiġe; ní raiḃ gráin agam air— dá mbéaḋ d’ḟéadfainn na hoiḋċeannta fada ċur isteaċ maiṫ go leór ag claṁsán agus ag clampar leis. Aċt ce’n ċaoi a ḃféadfaḋ bean clampar a ṫógḃáil le fear agus gan aon tsuim aici ann? An neaṁṡuim agus an tuirse croiḋe ḃí ag milleaḋ an tsaoġail orainn beirt....

Nuair atá bean i n-aois a deiċ mbliadna fiċead, gan aon ċlann uirri, fear réiḋċúiseaċ neaṁṡuim- eaṁail aici, agus a dóṫain ṁór de ṁaoin an tsaoġail seo aici, ṡílṫeá go ḃféadfaḋ sí an aimsir a ċur isteaċ maiṫ go leór i gcaṫair de’n tsórt seo. Aċt féaċ ṫart. Tá na céadta agus na céadta againn de ṁnáiḃ saiḋḃre agus saoġal suairc suaraċ ġá [ 186 ]ċaiṫeaṁ aca—ag siopadóireaċt sa tráṫnóna, tae agus cáineaḋ na gcoṁarsan agus na gcarad n-a ḋiaiḋ, an traen aḃaile, dinnéar, fear an tiġe ag srannaḋ ós cionn an ṗáipéir nuaiḋeaċta—uċ! tig múisiam orm nuair a ċuiṁniġim air....

Agus sin é an saoġal ḃí agamsa gur casaḋ an Búrcaċ Duḃ liom—an Búrcaċ Duḃ, file agus claḋaire....

Ní raiḃ tú i mBaile Áṫa Cliaṫ an uair sin, aċt ċuala tú cainnt faoi na daṁsaiḃ ḃíoḋ i nÁrus na hÉigse. Casfaiḋe Baile Áṫa Cliaṫ ar fad leat ann—nó aon duine go raiḃ cáil de aon tsórt air. Filí! ná bí ag cainit, a ḋuine! An t-árus mór lán leó! Ċaiṫfeá ḃeiṫ ar t’aire nó ḃeireaḋ duine aca ort agus ní sgaoileaḋ sé a ġreim go mbéaḋ dán fada dá ḋéantús ráiḋte aige isteaċ ’do ċluais. Minic ċaill mé daṁsa maiṫ leó....

Sílim gurab í Bettí Ní Laoiġ ṫug ann i dtosaċ mé.... Sí. Caiṫfiḋ mé gáiriḋ a ḋéanaṁ anois féin nuair a ċuiṁniġim ar an ngúna ċaiṫ sí an oiḋċe sin. Ḃí ar ċuile ḋuine leigint air gur duine eile ḃí ann; leig Bettí ḃoċt uirri gur geárrċaile sgoile ḃí innti. Dá ḃfeicṫeá í! Bean árd caol ruaḋ, ḋá sgór bliaḋain caiṫte aici agus gúna beag cadáis go glúnaiḃ uirri. A folt fada ruaḋ léiṫi. Í cosnoċt— naċ síleann tú naċ ceart de aon ḃean atá foċa- muideaċ gáigeaċ n-a cosaiḃ ḋul gan bróga i láṫair cuideaċtan fear? Aċt ba ċuma le Bettí: ní raiḃ fear uaiṫi....

Ḃí an ḃeirt againn n-ár suiḋe ag ceann seómra an daṁsa agus greas biodáin aoiḃinn ar siuḃal [ 187 ]againn nuair ċonnaiceamar ċugainn é. Ḃí culaiṫ air an oiḋċe sin mar ḃéaḋ ar ṡaiġdiúir Gairibáildeaċ— léine ḋearg agus eile; agus deirimse leat gur maiṫ ṫéiḋeann a leiṫéid d’ḟeisteas de ḟear árd duḃ daṫaṁail. Baineaḋ truisleóg ḃeag as i lár an tseómra, aċt mar sin féin, níor ḃain sé sin ná an meangaḋ ṫáinic ar a lán de’n ċuideaċtain an ṁaor- ḋaċt ḋe. D’ḟáisg sé na fiacail, ṫáinic daṫ bán ar a ċeannaċaiḃ, agus d’ḟéaċ ṫart go fíoċṁar ar luċt an ġrinn. Ṫaiṫniġ sé liom ar an toirt....

Rugas ar láiṁ ar Ḃettí go ḃfiafruiġinn di cérḃ é, aċt sul a raiḃ sé d’uain aici freagra ṫaḃairt orm, ḃí sé le mo ṫaoḃ. Ḃí ceann air ḃí ċoṁ deáġċumṫa is ḃí ar aon fear ariaṁ, ceann agus aġaiḃ agus muineál agus guailne—aċt maraċ gur rugas ar láiṁ ar Ḃettí d’ḟeicfinn a ċosa agus a ġlúna.... ḃí sé ċoṁ basaċ le bacaċ bóṫair! Tá aiṫne ṁaiṫ agatsa orm, agus tá ḟios agat naċ ḃféad- fainn aon spéis a ċur i mbasaċán—aċt ar ċaoi éigin ċoinniġeaḋ sé duine ó ṡunndas ṫaḃairt dá ċosaiḃ basaċa....

Laḃair sé le Bettí—ḃí aiṫne ag an uile ḋuine uirri—aċt má laḃair is ormsa ḃí sé ag féaċaint. Ġaḃ sé le n-a ṡúiliḃ aisdeaċa mé. Ċuadar ṫríom agus mian drúiseaṁail a ċroide ġá noċtaḋ sna súiliḃ sin....

Ṫáinic uaṫḃás orm. Ṫáinic fonn orm éaluġaḋ uaiḋ agus a ḋul i ḃfolaċ i n-áit éigin ar imeall an doṁain. Aċt níor ḟéadas é; ḃíos ar nós an ḃric ḃéaḋ i ḃfastóḋ ar ċeann doruġa. Imṫeaċt an eaḋ? Ní raiḃ goir agam air, agus sul a raiḃ ḟios agam [ 188 ]céard ḃí ar siuḃal ḃí an ḃeirt againn ar an úrlár i lár an tseómra ag daṁsa agus ag damsa agus ag daṁsa....

An daṁsa sin! Tig imeagla orm anois féin nuair ċuiṁniġim air; tig creaṫaḋ ball orm agus preabaḋ croiḋe; tig gráin orm.... Ní ṡílim go ndeárna an daṁsa céadna sin ariaṁ roime sin i mBaile Áṫa Cliaṫ; i dtíorṫaiḃ teó na hAifrice, imeasg na ḃfear duḃ, ceapaḋ i dtosaċ é le altuġaḋ ṫaḃairt do ḋia na geineaṁna. Tuige a ndeárnas é an eaḋ? cuir ceist eile orm. Musgluiġeaḋ sean- diaḃal éigin ’mo ċroiḋe. An fear seo ḃí ar mo ṫóir ar an seannós págánaċ a ċeannsuġaḋ, sin é ḃí uaim; é ġríosaḋ, an ainṁian ċorporḋa ḃí ann a ṁéaduġaḋ agus annsin é ċlaoiḋ, é ḃruġaḋ faoi ċois....

Aċt baineaḋ de mo ṫreóir mé—an ceól a ceapaḋ d’aon úim le ainṁian a ḃeódċaint, an teas, an cneas le cneas, cora an daṁsa ḃarbarḋa, agus a ṡúile siúd—seaḋ, a ṡúile siúd buailte liom beagnaċ agus faoḃar ifrinn n-a lár istiġ; céard d’ḟéadfaḋ bean ḃoċt lagḃríġeaċ mar mise a ḋéanaṁ—bean a tógaḋ le ceól agus le aoiḃneas, le sóġ agus le pléisiúr an tsaoġail faoi spéirṫiḃ cuṁarṫa gorma an Oirṫir?

Ar ócáid de’n tsórt sin, tá canaṁaint na súl níos beaiċte agus níos bríoġṁaire ná úrlaḃarṫa béil. Ġéill mo ṡúile ḋó, agus nuair ġéilleas súile mná do ḟear, sin tús agus deireaḋ an sgéil. Ṫuig an Búrcaċ Duḃ an méid sin go maiṫ. Cuireaḋ cosg leis an gceól go tobann; cuireaḋ cosg leis an daṁsa, agus ḃí an ḃeirt againn annsin n-ár seasaṁ i lár an tseómra agus tuigsint diaḃalta againn ar [ 189 ]an rún diaṁair fadṡaoġalta sin naċ gclaoiḋfear go bráṫaċ.... ṫáinic sgáṫ ormsa. Sílim go raiḃ sgáṫ ar an ḃfear freisin....

Ḃí tú istiġ go minic i nGáirdín an tSoġa atá díreaċ ar aġaiḋ Áruis na hÉigse. Níl áit níos aoiḃne i n-aice na caṫraċ. Ḃí an Ḃealtaine ann— Bealtaine na mbláṫ agus na mbalaṫ; cuṁaraċt trom a ḋallaḋ do ċéadfaiḋ ag eirġe aníos as an iṫir agus as na lusraiḃ úra; réaltóga magaṁail agus réaltóga solaṁanta ag dearcaḋ anuas orainn; tormán imċean na caṫraċ le clos ṡoir uainn ar nós raḃarta earraiġ; ṫáinic smaṫaṁ beag gaoiṫe ḃí luċtuiġṫe le balṫaiḃ oiḋċe isteaċ ó na sléiḃte agus ṫosaiġ ag déanaṁ mór le mo ġuailniḃ agus le mo ḃráġaid—ṡílṫeá go dtáinic éad ar an ḃfear leis an smaṫaṁ sin gaoiṫe, mar rug sé ar mo ċlóca agus ṫarraing timċeall ar mo ġuailniḃ é.... Ċuaiḋ a ṁéara i n-aiṁréiḋ ’mo ċuid gruaige. D’ḟan a láṁ tamall deas ṫart ar mo ṁuineál agus é ag féaċaint isteaċ ’mo ṡúiliḃ go fíoḃṁar.... ġluais sruṫ teasa, sruṫ tinntriġe ṫrí mo ċorp....

Innis dom anois agus ná hinnis aon ḃréag: an dtagann an corruġaḋ croiḋe céadna ar an ḃfear is ṫig ar an mnaoi, an ngluaiseann tinntreaċ ṫrí n-a cuisleaċaiḃ ar an nós céadna is ġluais an sruṫ ṫrí mo ċuisleaċaiḃ ar an ocáid seo?

Tá loċ beag ag ceann an Ġáirdín, crann breáġ fuinnseóige ar a ḃruaċ, agus suiḋċán faoi ḃun an ċrainn. Ann a ṡuiḋeamar. Ḃí an ḃeirt againn n-ár dtost ó d’ḟágamár Árus na hÉigse. Eisean ag féaċaint amaċ uaiḋ ar uisge an loċa agus na [ 190 ]réaltóga ag lonnraḋ ann, ar an mbruaċ ṫall agus duḃ-ḋorċadas na sgeaċ agus na dtom ḃí ag fás air. Mise ar m’aire, roinnt eaglaċ, ḋá roinnt dána, súil agam le—ní abróċad cé leis!

Ṫóg sé a ċeann agus d’ḟéaċ suas sna spéirṫiḃ. Ḃí solus maiṫ ann agus ḃí a leaṫ-éadan le feiceál go soiléir agam—ċuirfinn geall nár ḟéaċ bean ḃanda ar an éadan sin ariaṁ gan spéis a ċur san té ar leis é. Ċeapas gaċ uile noiméad go raiḃ sé ar tí laḃairt, go raiḃ sé ar tí draoiḋeaċt agus diaṁaireaċt na hoiḋċe agus na hócáide a noċtaḋ ḋom ṫrí ḃriaṫraiḃ beóḋa fileaḋta.... Dá sgaoileaḋ sé uaiḋ na gcaise iad, dá mbeireaḋ sé orm annsin, mar ḃeirṫeá ar neantóig, ḃéaḋ leis. Naċ mé ḃí ag súil le filiḋeaċt, le briaṫraiḃ molta, le focla mealltaċ’, le urlaḃarṫa plámásaċ aoiḃinn! Aċt ḃí an file n-a ṫost....

Ní ró-ḟada ḃí áṁṫaċ. Cor dá dtug sé agus bualaḋ póca a ċasóige i n-aġaiḋ an tsuiḋċáin. Léim buidéal aníos as; ṫuit ar an talaṁ; briseaḋ é.

“A ḋiaḃail!” ars an file, ag féaċaint ’mo ṫreó.

Agus nárḃ ḟíor dó? Naċ mé an diaḃal ṫar bárr is a ḃeiṫ ag cainnt mar seo leatsa?

An an-ṁian, agus an aistiġeaċt ḃí eadrainn ó casaḋ le ċéile sinn, ġlan an focal maiṫ macánta sin as an mbealaċ iad. Ruaig sé an taom ḃuail sinn agus an daṁsa ar siuḃal. Ṫuigeamar a ċéile....

Ċuireamar aiṫne níos feárr ar a ċéile. D’aiṫ- niġeas ar a iomċur agus ar a urlaḃarṫa gur file ḃí ann ó ḋúṫċas, aċt níor léiġeas aon ċuid dá ḋéantús ariaṁ. Go deiṁin is ar éigin go raiḃ a ḟios agam [ 191 ]gur sgríoḃ sé aon rud—giotaí filiḋeaċta sna páipéir, agus mar sin. Focal éigin dá nduḃras agus ṫosaiġ sé ag cur ḋe. A ġlór! Cé’n ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ tráċt air? Dán beag sgríoḃ sé an lá sin, duḃairt sé liom é—dán beag faoi naoṁ; níor ṫaiṫniġ na naoiṁ go ró-ṁór liom ariaṁ—níor ḟéadas a gcúrsaiḋe beaṫa a ṫuigsint—aċt an naoṁ seo ar ar ṫráċt an file ḃí le mo ṫaoḃ, ṫuigeas a ċroiḋe ċoṁ maiṫ is tuigim mo ċroiḋe féin....

Ċuir áilne an dáin ḃig aiteas ar mo ċroiḋe. Ṫáinic aoiḃneas ar ċroiḋe an ḟile freisin. Laḃair sé liom ar nós laḃarṫa le duine ḃí ar aiṫne agat le bliaḋantaiḃ fada. D’innis sé ḋom céard ḃí faoi a ḋéanaṁ sa saoġal. Gráḋ tíre agus filiḋeaċt an dá niḋ ḃí ġá ġríosaḋ an uair sin. Ó ná habair é! ná habair go deó é! Na mná agus an t-ól freisin an eaḋ? B’ḟéidir—b’ḟéidir é; ṫosaiġ an Búrcaċ Duḃ ar ḋuḃailciḃ agus ar ṡuḃailciḃ an tsaoġail a ċleaċtaḋ agus é an-óg....

Ṫugas cead dó póg ṫaḃairt dom sul ar ḟágamar an Gáirdín, agus d’imṫiġ liom aḃaile agus lúṫġáir ar mo ċroiḋe.

II

Tugaḋ faoi deara gan mórán moille go raiḃ aṫruġaḋ mór ag teaċt orm; go raiḃ feaḃas ag teaċt ar mo ṡláinte; go raiḃ mé ag eirge breáġ croiḋeaṁail aéraċ ṫar mar ḃíoḋ. Ag dul i n-óige i n-aġaiḋ an lae ḃíos, duḃraḋ. Agus b’ḟíor é. Ḃí liaġ maiṫ agam; an ḟiliḋeaċt agus an ċontaḃairt, [ 192 ]an íc is cuṁaċtaiġe ag mnáiḃ de mo ṡórtsa. Agus ḃí an doṁan bráṫaċ de’n íc sin agamsa. Casfaiḋe an file liom gaċ uile áit. Roiṁe seo níorḃ ḟeárr leis áit a gcaiṫfeaḋ sé píosa de’n tráṫnóna ná i dteaċ óil; aċt dá gcloisfeaḋ sé go raiḃ mise le ḃeiṫ ar cuairt n-a leiṫéid seo de ṫeaċ, ag ól tae nó ag déanaṁ biodáin, ṫiocfaḋ seisean sul a mbéaḋ mo ċuairt istiġ agam agus seólaḋ sé aḃaile mé. Ar ndóiġ ḃí cainnt ann; cainnt agus cainnt agus cainnt—aċt ba ċuma linn. Ḃí ár saoġal suairc suaiṁneaċ féin againn-ne—agus nuair ṫáinic an saṁraḋ breáġ buiḋe, líonamar suas é le filiḋeaċt agus le draoiḋeaċt, le gean agus le greann....

An aimsir ḃí againn an saṁraḋ sin! An aiṫne ċuireamar ar a ċéile! Sílim naċ raiḃ friġid suḃ- ailce n-a ċroiḋe nár ṁéadaiġ an uair sin. Léiġ tú an leaḃar beag filiḋeaċta ċuir sé amaċ an ḃliaḋain sin; níl dan ann nár ċum sé ḋomsa, ḋomsa, agus ḋomsa aṁáin.

Ní iongnaḋ go raiḃ bláṫ na hóige ag teaċt orm arís. D’ḟill an tsláinte agus an croiḋeaṁlaċt. Ṫug gaċ uile ḋuine faoi deara é aċt aṁáin mo ḟear céile. Cé’n ċaoi a dtiuḃraḋ seisean faoi deara é agus gan suim aige i n-aon niḋ aċt n-a ġnóṫa agus san tiomsuġaḋ féileacán atá bailiġṫe aige—na mílte míle de gaċ cineál daṫ agus déanaṁ. Imṫiġeann an aois uaiḋ nuair ḟáġann sé ceann nuaḋ neaṁ- ċoitċiannta. Ní ceart d’ḟear dá leiṫéid ḃeiṫ pósta ar ċor ar biṫ. Aċt fuair sé cúpla féileacán ċuir aoiḃneas ar a ċroiḋe faoi’n am seo, agus ní ḟaca tú fear ariaṁ ḃí ċoṁ bródaṁail leis. Ċeap na [ 193 ]seanḃuaċaillí ḃíos ar ṫraen a naoi leis gaċ maidin go raiḃ ríméad air go raiḃ mise ag teaċt ċugam féin. Rinneadar coṁġáirdeaċas leis faoi mo ṡláinte, na hamadáin!

Ḃí Bettí i gcaráisde i ḃfogus dóiḃ. ’Sí d’innis ḋomsa an ċainnt. Aċt cé’n ġoir atá agamsa leagan Ḃettí ċur air? An lob bog sin Tuaṫaċ Ḋún Laoġ- aire—ó, tá aiṫne agad air, naċ ḃfuil? Bíonn sé ag gaḃáil ṫart i gcoṁnaiḋe le Síle Réamonn—aċt ṫosaiġ seisean ag fiafruiġe d’Éamonn (sin é an t-ainm seirce ḃí agam ar m’ḟear—ḃí sé anċosaṁail le seantiománaiḋe ḃíoḋ ag mo ṁuinntir fadó: siné an fáṫ go dtugas Éamonn air), d’ḟiafruiġ an lob bog ḋe sa traen cé’n doċtúir ḃí agamsa, naċ raiḃ sé sásta le n-a liaġ féin, agus ó rinne mo ḋoċtúir maiṫ ḋomsa go mb’ḟéidir go ndéanfaḋ sé maiṫ ḋó-san! Ní raiḃ duine sa gcaráisde nár ṫuig an sgéal, agus naċ aca ḃí an greann agus an caoċaḋ súl ar ċúl na bpáipéar nuaiḋeaċta!

An doċtúir a leiġsiġ mise! Naċ raiḃ ḟios ag an saogal naċ raiḃ doċtúir agam aċt m’ḟile caol duḃ aṁáin! Agus ċeap siadsan naċ raiḃ ḟios ag m’ḟear é; ċeapas féin freisin é—an uair sin. Fear ar leiṫ, fear ann féin, fear doiṁin aiṁréiḋseaċ—is beag duine ṫuig ariaṁ ṫú, a Éamuinn....

Ar ċaoi ar biṫ, nuair ṫáinic sé aḃaile an oiḋċe sin —ḃí an ḃeirt againn n-ár suiḋe cois teine agus an béile caiṫte againn—d’ḟan sé annsin n-a ṫost agus é ansmaointeaċ ar fad. Ḋearcaḋ sé orm go géar ó am go ham. Ba ċosaṁail le meanaiḋṫe teó an ḟéaċaint sin. An rud ḃí ar mo ċoinsias b’ḟéidir....

[ 194 ]I gceann sgaṫaiṁ duḃairt sé:

“Fiafruiġeaḋ ḋíom indiu cé’n t-ainm ḃí ar an doċtúir atá agad, a Eiḃlín,” ar seisean go bog réiḋ.

“Ó,” arsa mise, agus baineaḋ geit asam: an focal sin “doċtúir” a rinne é; mar naċ minic agus naċ ró-ṁinic aduḃairt mé le m’ḟile duḃ naċ ndeárna aon doċtúir rugaḋ an oiread maiṫeasa ḋom is rinne seisean? Ṡíleas gur hinnsiġeaḋ gaċ uile ṡórt ḋó, agus naċ aon deáġleagan cuireaḋ ar an sgéal— ḃéaḋ sé n-a aċrann, n-a ṫroid, n-a rúille-búille, n-a ṁarḃaḋ b’ḟéidir....

“An doċtúir sin—,” ḃí a ḋá ṡúil sáiṫte ionnam agus gan cor ġá ċur dá ċeannaċaiḃ. Stop sé.

Ḃí mo ċeann ag dul timċeall; mo smaointe i n-aċrann agus i n-aiṁréiḋ n-a ċéile. Aċt sílim naċ n-aiṫneóċaiḋe orm é: nár ṁór an gar ḋom go raḃas sgaṫaṁ beag ar an stáitse i nAṁarclainn na Mainistreaċ?

“An doċtúir sin—ba ċeart....”

Ḃí sé ag teaċt agus nuair a ṫiocfaḋ sé ṫiocfaḋ sé trom. Piostal—ḃí ḟios agam go raiḃ piostal aige; ḃí láṁ leis n-a ṗóca agus ḃí leaṫṡúil liom greamuiġṫe sa láiṁ sin—an san éadan a ċuirfeaḋ sé an t-urċar? Ḃí súil agam nárḃ eaḋ; ṁillfiḋe mé—níor ṁaiṫ le mnaoi péacaiġ mar mise droċ- ċrot ḃeiṫ uirri san uaiġ féin. Arḃ ḟeárr ḋom an sgéal n-a iomlán innseaċt dó? Céard a ṫárlóċaḋ annsin? An dtuigfeaḋ sé é? An gcreidfeaḋ sé é? An n-eireóċaḋ liom an ċontaḃairt a ċur ṫart ar an dóiġ sin?

Ṡáiṫ sé a leaṫláṁ síos níos doiṁne n-a ṗóca. Ṡíleas go raiḃ mo ré ṫart....

[ 195 ]Ná bí ag gáiriḋ fúm adeirim. Leag do láṁ ar mo ċroiḋe. Naċ ḃfuil sé ag preabaḋ ar nós an tubuisde anois féin nuair ċuiṁniġim ar an noiméad sin?

D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ.

A Ṫiġearna! Rinneas rún ċroiḋe-ḃruġaḋ—aċt ní sgéiṫfinn ar mo ḟile dá ḃfuiġinn m’anam air. An gcloisfinn an pléasgaḋ sul a d’imṫiġeaḋ an dé uaim? Ṫosuiġeas ag coṁaireaṁ—a haon, a dó, a trí, a ceaṫair....

Bí ’do ṫost adeirim: cé’n ċaoi a mbéaḋ súil agam le n-a ṁalairt d’aoiḋeaḋ? Nár léiġ tú cuid ṁaiṫ de ḟinnsgéaltaiḃ an lae indiu agus céard eile d’ḟéadfaḋ fear a ḋéanaṁ le mo leiṫéid-sa de ċéile de réir na n-uġdar?

Annsin.... éist liom agus creid mé—annsin duḃairt sé:

“Ta súil agam naċ ndóiġfiḋ an cailín aimsire an leite orainn arís anoċt.”

Ġlanas liom as an seómra. Ḃuaileas fúm ar ċaṫaoir sa gcistiniġ, rinneas gol agus gáiriḋ le ċéile agus i ndiaiḋ a ċéile agus trí n-a ċéile go dtí naċ raiḃ ionnam seasaṁ.

A leiṫéid d’ḟear....

Aċt ġlaoiḋ sé orm gan aon aċar.

“Suiḋ,” ar seisean.

Ṡuiḋeas.

“Cá gcaiṫeann tú an ċuid is mó de’n aimsir faoi láṫair,” ar seisean.

Mo ċroiḋe boċt arís! Ní raiḃ an ċontaḃairt ṫart fós, aċt ḃíos níos dána ná ḃí i dtosaċ. An raċt ḃuail sa gcistiniġ mé b’ḟéidir.... Ċeapas an sgéal n-a iomlán agus n-a fírinne innseaċt dó. [ 196 ]Agus naċ orm ḃí an lúṫġáir naċ raiḃ an ḟírinne níos measa ná ḃí! Ní heaḋ.... ní hé sin é; nílim ar an mbaraṁail sin ar ċor ar biṫ—sílim naċ ḃfuil sa saoġal seo aċt faic a ḃaint as—aċt an náire, seaḋ, an náire ḃéaḋ orm ag innseaċt na fírinne ḋó; dá mbéaḋ orm a ráḋ....

A’ dtuigeann tú leat mé? Aċt ní raiḃ orm aon sgéal innseaċt dó; ṫosaiġ sé féin ag cainnt agus seo é aduḃairt sé:

“A Eiḃlín,” ar seisean, “ag dul i n-óige atá tú. Tá cuma na maiṫeasa ort le ráiṫe. Tá tú ag eirġe croiḋeaṁail ceólṁar; suairceas ag sileaḋ uait; duairceas díbriġṫe uait: an doiliġeas agus an seantuirse ar fuaidreaṁ uait....”

Ḃí sé ċoṁ geanaṁail ċoṁ báiḋeaċ sin n-a ġlór agus n-a ḟéaċaint go raiḃ mé díreaċ ar tí innseaċt dó cé’n fáṫ gur aṫruiġeaḋ ar an gcaoi sin mé nuair ṫóg sé a láṁ le cosg a ċur liom.

“Ní call duit innseaċt dom,” ar seisean, “cé’n ċúis atá leis an aṫruġaḋ mór. Tá ḟios agam féin é. Ḃí ḟios agam ó ṫús é. Ḃí fios agam cé’n doċtúir leiġsiġ ṫú giḋ gur ṡíl na hamadáin sa traen ar maidin go raiḃ mé dall air. Mo léan naċ raiḃ sé ionnamsa é ḋéanaṁ, a Eiḃlín; aċt—”

Stop sé. D’eiriġ sé anḃrónaċ.

“Ní ḃacfad leis sin anoċt,” ar sé, “tuigeann tú fein cé mar tá an sgéal eadrainn, cé mar ḃí an sgéal eadrainn ó ṫús—”

Leigeas féin osna.

“Sin é é.... maiṫ go leór anois. Tá ḟios agam céard a leiġsiġ ṫú—rud naċ raiḃ agamsa le taḃairt duit faraoir. Tá ḟios agam freisin cé [ 197 ]leiġsiġ ṫú—ní luaḋfad a ainm go n-abróċaiḋ tú féin i dtosaċ é. Aċt tá ḟios agam a ċáil—a ċáil, an eaḋ? A ṡeaċt gcáil ba ċóra ḋom a ráḋ; a ċáil ḟileaḋta, a ċáil ṫírġráḋ, a ċáil áilne, a ċáil ḋíl- seaċta....”

An molaḋ ḃí mo ċéile ag taḃairt do mo ḟile an focal ba ḃinne ċualas uaiḋ ó ṗós mé: an gcreidteá sin? B’ḟóbair dom póg ṫaḃairt dó!

Lean sé leis an gcainnt.

“Ċualas,” ar seisean, “an ċáil atá air faoi ól, faoi ṁnáiḃ, faoi....”

D’ḟéaċ mé le cur isteaċ air aċt níor leig sé ḋom. Anois féin cuireann sé fearg orm má deir- tear go raiḃ droċċáil ar mo ḟile duḃ faoi ṁnáiḃ. Tuige?

“Aċt má tá na seaċt gcáil sin féin air táim buiḋeaċ de: nár ṡuaiṁniġ sé an saoġal duitse? Agus má tá droċċáil air faoi ṁnáiḃ tá muinġín agam asadsa—agur beiḋ go bráṫaċ....”

Ċuaiḋ a ḟéaċaint ṫríom. Naċ aoiḃinn naċ raiḃ aon niḋ le ceilt agam?

“A Eiḃlín....”

Losg an ḟéaċaint truaiġṁéalaċ ḃí n-a ṡúiliḃ m’anam istiġ.

Dá mbéaḋ friġid na seirce féin eadrainn aiṫ- ḃeoḋċaiḋe é an uair sin; ní raiḃ—naċ aiṁréiḋseaċ iad bealaiġ Dé?

“Taḃair annseo é,” ar seisean, “cuirfead fáilte roiṁe—ar do ṡon-sa....”

Ċuaiḋ sé go doras an tseómra. Ṡeas sé tamall ag féaċaint orm.

“Mo ċéad léan,” ar sé, “naċ ḃfuil mise i n-ann [ 198 ]an áit atá aige ’do ċroiḋe-sa a ḃaint ḋe, agus ḋul isteaċ ann mé féin, a Eiḃlín.”

D’imṫiġ sé go tobann. Aċt d’ḟill i gceann leaṫ- noiméide.

“Atá aon ċoṁairle aṁáin agam le taḃairt duit,” ar seisean agus é n-a ṡeasaṁ ag an doras agus aṫruġaḋ mór ar a ġlór, “má tá coinne déanta agat leis anoċt, seaċain aér na hoiḋċe nó tiocfaiḋ aṫluiġe ort. Taḃair annseo é—”

D’ḟág sé an seómra ar a nós ṁear féin gan focal eile a ráḋ.

Ċuireas orm. Ḃí coinne agam le mo ḟile duḃ. Ag gaḃáil ṫar ḟuinneóig m’ḟir ḋom, d’ḟéaċas isteaċ. Ḃí sé n-a ṡeasaṁ ag bórd, mionraḋarcán le n-a ṡúil agus é ag déanaṁ stuidéir ar ḟéileacán.

Ní raiḃ ḟios aige go raiḃ mé ag féaċaint air ar ndóiġ. Aċt ċaiṫeas póg ċuige agus mé ag imṫeaċt....

A leiṫéid d’ḟear!

III

Ṫug tú féin taiṫneaṁ do ṁnaoi uair. Ní call dom innseaċt duit cé’n deifir ḃíos ar ḋuine agus sgéal mór aige dá leanán. Ní fios dom anois cé’n gléas iomċuir ḃí agam—brat draoiḋeaċta ó’n Oirṫear nó mo sgéal iongantaċ féin?

Aċt ḃí seisean ann roṁam—annsin ag ceann Sráid Ġrafton. É n-a ṡeasaṁ faoi lóċrainn sráide agus leaḃar fosgailte n-a ġlaic aige. Na daoine ḃí ag gaḃáil an tsliġe ḃí orra é ṫimċeallaḋ—é n-a ċarraig ṡeasta annsin i lár sroṫa daonna.

[ 199 ]Ḃeannuiġeas dó. Ḃeannuiġ sé ḋom—ní ċreidṫeá aċt an maorḋaċt ḃí ag baint leis ar uairiḃ; d’ḟéad- faḋ sé a ḃairéad ḃaint de ar ḋóiġ faoi leiṫ—béasa na ḃFranncaċ agus dílseaċt na nÉireannaċ measgṫa n-a ċéile.

“Ó, tá do leaḃar nuaḋ ar faġáil,” arsa mise, “naċ toirteaṁail é!”

“Ní hé atá agam,” ar seisean, agus ṡín sé an leaḃar ċugam.

Is beag nár ċailleas raḋarc na súl. Toṁais céard ḃí aige. Aċt ní ḋéanfá go bráṫaċ é. Leaḃar mór ealaḋanta ag cur síos ar ṡaoġal na ḃféileacán!

Ġluais linn n-ár dtost. Ag gaḃáil ṫar Ḋroiċead Uí Ċonaill dúinn ṫáinic an ċainnt ċugam.

“Agus a’ gcuireann tusa spéis sna ḃféileacán freisin?”

Is ar éigin ḃí ionnam an ċeist a ċur. Mo ċéile agus gan spéis aige i n-aon niḋ aċt sna feiṫeidiḃ bradaċ’ seo, agus mo ḟile duḃ dílis i gcontaḃairt imṫeaċt ar an ealaḋain ċéadna! Naċ agam ḃí an ġráin orra mar ḟéileacáin!

“Ó, seaḋ, an leaḃar sin—,” aċt ní raiḃ sé d’uain aige innseaċt dom cé’n fáṫ ḋó spéis a ċur san ealaḋain sin—fear ḃí ag imṫeaċt ṫart ḃeannuiġ ḋó agus ċuir cainnt air ós íseal, fear naċ ḃfeicfear ar an saoġal seo arís ċoiḋċe....

Ġluais linn arís.

“Innseoċad duit faoi’n leaḃar san aṁarclann,” ar seisean.

Ar ṡiuḃal tú Sráid Uí Ċonaill ariaṁ sna laeṫiḃ órḋa sin agus file cliuṁail nó fear poilitiḋeaċta le do ċois? Ba ġeall le gluaiseaċt ríoġ agus [ 200 ]bainríoġna trí n-a bpríoṁ-ċaṫair iar n-a gcórónuġaḋ ár ngluaiseaċt-na, mise agus mo ḟile caol duḃ.

Níor ṫuigeas ariaṁ go dtí an oiḋċe sin cé’n meas agus cáil ḃí air? Gaċ uile ċúig slat ḃeannuiġeaḋ duine ḋó. Na mná is mó ṫugas féin faoi deara. Gaċ bean díoḃ d’aiṫniġ é (agus is corrḋuine nár aiṫniġ) ḃíoḋ ceist faoi n-a súil aici: cé hí an ḃean ċoiṁṫiġeaċ seo ḃíos i gcoṁnaiḋe le Búrcaċ file anois? Meas tú cé’n greim atá aici air? Ḋeaṁan a gcuireann sé spéis i n-aon ḃean aċt í....

Nó: Agus an í sin í? Naċ aisteaċ agus naċ gránda an gúna atá uirri? Ó seaḋ, tuigim—sgéal aisteaċ ar fad....

Nó: Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ aṁlaiḋ! Í sin! Agus ar sgríoḃ sé ariaṁ de ḋántaiḃ faoi áilne san mnaoi!

Aċt ba ċuma liomsa céard deirfidís. Naċ raiḃ mo ḟile caol duḃ agam féin ḋom féin, agus má ḃí an ḃantraċt éadṁar naċ raiḃ cúis ṁaiṫ aca?

Bainead an ṁórḋáil ḋíom gan mórán aċair. Bean ḃí ag gaḃáil ṫart agus ċualas í a ráḋ:

“Is ar éigin d’aiṫneóċṫá go raiḃ sé basaċ ar ċor ar biṫ san oiḋċe.”

Dá mbéinn liom féin, sílim go mbeirinn uirri agus go dtiuḃrainn leadóg ḋi....

Ṫosaiġ mo ḟile caol duḃ ag cur ḋe go mear faoi— ní fios dom cé’n rud. Is eagal liom go gcuala sé focal na mná agus gur ġoill sé air. An fear boċt! Is agam ḃí an truaiġ ḋó.... aċt tuigfiḋ tú féin cé’n gean ḃí agam ḋó sna laeṫiḃ sin nár ċuir sé as dom a ḃasaiġe is ḃí mo ḟile caol duḃ.

Agus an ġráin ḃíoḋ agam ar an deamar sin!

[ 201 ]

IV

Aċt leaḃar na ḃféileacán ḃí ag mo ḟile caol duḃ—fan; tá irisleaḃar sgríoḃas faoi’n am sin sa mbosga annseo agam. Níor léiġ duine ná daon- naiḋe ariaṁ é, aċt léiġfead giota as duitse anois Ó.... ó—naċ ḃfuil ḟios agad féin cé’n fáṫ?

Aċt éist, agus ná bíoḋ aon tseafóid mar sin ort, a ḋuine:—

Oiḋċe Ṡaṁna—ḋeaṁan ar sgríoḃ mé síos an ḃliaḋain, aċt naċ cuma? Oiḋċe Ṡaṁna: i nAṁar- clainn na Mainistreaċ le mo ḟile caol duḃ: dráma le Synge: an ċéad uair dá ḃfacas é: níor ṫugas mórán áird air i dtosaċ: níor ċualas tráċt ar an uġdar roiṁe sin, agus ḃíos trí n-a ċéile roinnt— an ċainnt ḃí agam le m’ḟear agus an ealaḋain nuaḋ ḃí ġá foġluim ag mo leanán: na féileacáin ḃradaċ’ ġránda!

Aċt níorḃ ḟada gur rugaḋ ar mo láiṁ. D’ḟáisgeaḋ í. Ċualas an glór bog ceólṁar—mo ḟile caol duḃ ar ndóiġ.

“A Eiḃlín.... éist! éist!”

Ċuireas cluas orm féin. Ag súil le binnḃriaṫraiḃ mealltaċa uaiḋ ḃíos—ag súil le cainnt aoiḃinn ṗlámásaċ ḟileaḋta d’ḟeilfeaḋ do’n ócáid agus do’n ḃarróig ḃí aige ar mo láiṁ—aċt má ḃíos ag súil le filiḋeaċt fuaireas an rud ḃí uaim, aċt ní ó’n ḃfile ḃí le m’ais é aċt ó luċt an stáitse.

Fear siuḃail ḃí ag cainnt le bean tiġe a raiḃ a fear marḃ agus é ag iarraid í ṁeallaḋ leis.

“Téanam liomsa,” adeireaḋ sé, “agus beiḋ muid ag imṫeaċt de ṡiuḃal oidċe faoi ċoilltiḃ duḃa [ 202 ]diaṁra agus beiḋ réaltóga neiṁe ag dearcaḋ anuas orainn agus muid n-ár luiġe faoi ṫom.... agus tiocfaiḋ breacaḋ an lae agus tosnóċaiḋ na héanlaiṫ ag ceileaḃar ar an gcraoiḃ—”

D’ḟáisgeas láṁ mo ḟile ċaoil duiḃ—aċt sgiobas mo láṁ uaiḋ ar an toirt ar eagla go sílfeaḋ sé go mba cuireaḋ ḋó an ċainnt ċéadna a ráḋ liomsa an ḃarróg sin....

Ḃuail taom aisdeaċ mé. D’aiṫniġ mo leanán orm a ċorruiġṫe is ḃíos—an sruṫ aiḃleaċta nó coṁḃáiḋ ḃíos eadrainn. Ḃí ḟios agam go raiḃ sé ag cur na súl ṫrím sa leaṫḋorċadas, go raiḃ sé ag cur draoiḋeaċt orm, go raiḃ contaḃairt ḋomsa agus ḋó-san sa ḃféaċaint sin. Ḃí ḟios agam go ḃfeicfinn dúil a ċroiḋe agus a anma n-a ṡúiliḃ, gur ṫnúṫ sé liom idir corp agus anam, go raiḃ gaeṫe teó uaiḋ, go raiḃ na gaeṫe sin ḋom’ ċuimilt agus ḋom’ ḋóiġeaḋ agus ḋom’ ċráḋ....

An sgáṫ ḃíos orm roiṁ na súile sin!

Aċt tráṫaṁail go leór, ṫáinic an brat anuas, tóigeaḋ na soillse, ṫosuiġ an ceól. Ṡíl mé cainnt a ḋéanaṁ leis. Ṫeip orm i dtosaċ. Ṡíl mé innseaċt dó faoi’n gcainnt ḃí agam le m’ḟear. Ṫeip orm arís. Ṫuig sé cé’n fáṫ agus ḃí ḟios aige go raiḃ ḟios agamsa gur ṫuig. Níor ċaḃruiġ sé liom. B’áil leis an ċuṁaċt ḃí aige orm a ċleaċtaḋ.

Maraċ an leaḃar féileacán ḃí aige ḃéinn gan aḋḃar cainnte giḋ go raiḃ mo ċroiḋe agus m’anam lán.

“Seaḋ,” arsa mise, “tá suim agad sna ḃféil- eacán,” agus rugas ar an leaḃar.

“Tá agus níl.”

[ 203 ]Ċuirfinn ceist air le mo ṡúiliḃ maraċ go raiḃ ḟios agam naċ raiḃ an taom ṫart ballaċ.

“Maraċ tusa ní ḃéaḋ an leaḃar sin agam,” ar seisean.

“Mise?”

D’innis sé an sgéal ḋom: go raiḃ sé le dul ar cuairt ag teaċ áiṫrid; go raiḃ mo ċéile le ḃeiṫ ann; go raiḃ sé ag iarraiḋ eólas a ċur ar ealaḋain na ḃféileacán go ḃféadfaḋ sé laḃairt leis go clisde n-a dtaoḃ—rud naċ ḃféadfaḋ aċt fíorḃeagán i mBaile Áṫa Cliaṫ a ḋéanaṁ. Agus annsin—tá náire orm é ráḋ faoi mo ḟile caol duḃ—annsin ḃí sé cinnte go ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ ṫeaċt ar cuairt againn-ne....

An difriḋeaċt ḃíos idir na fearaiḃ! Mo léan gan cuid de ḋeáġṫréiṫriḃ mo ċéile i mo leanán—a uaisleaċt, a intinn ṁór ḟosgailte, an ṁuinġín atá aige asamsa abair; é sin nó draoiḋeaċt ṗearsanda mo ḟile ḃeiṫ ag mo ċéile—aċt ní gnáṫaċ le Dia a leiṫéid a ḃronnaḋ ar aon ṁnaoi....

Aċt is cinnte naċ n-abróċad le mo ḟile caol duḃ go ḃfuil cuireaḋ aige ċun an tiġe ċeana féin. Tá contaḃairt ann, contaḃairt ṁór.... agus tá muinġín ag mo ċéile asamsa.... má ḟiafruiġṫear ḋíom cé’n fáṫ naċ ḃfuil sé ag teaċt—naċ cráiḋte an sgéal agam ar aon ċuma é!

An ḃeirt ḟear sin!

V

Giota eile as an irisleaḃar é seo:—

Ṫáinic Bettí isteaċ ċugam tráṫnóna. Rinne sí [ 204 ]biodán ṫaiṫniġ liom go mór—aċt ċaiṫ sí uair ḟada a ċluig ag cáineaḋ mo ḟile ċaoil duiḃ.

Is rí-ḋeacair cosg ċur le Bettí nuair ṫosuiġeas sí ar ḋuine a ċáineaḋ. Bíonn an dá ḃriġ i gcoṁ- naiḋe leis an uile ḟocal sgaoileann sí uaiṫi agus má cuirtear isteaċ uirri deirfiḋ sí naċ é sin ḃí ġá ráḋ aici ar ċor ar biṫ aċt a ṁalairt. Aċt fágann a cuid cainnte droċḃlas ’do ḃéal. Bíonn aiṁreas agat ar an té cáintear ar an dóiġ sin cuma cé’n meas ḃí agat air roiṁe sin.

Innsiġeann sí sgéalta beaga gránda faoi’n duine naċ dtaiṫnigeann léiṫi; cuireann sí cosg léiṫi féin go tobann agus deireann:

“Ó, ní ceart dom an sgéal sin a ráḋ agus ċoṁ mór leis is tá tusa.”

Aċt fágann sí ag maċtnaṁ ṫú, agus ní feárrde do leanán é.

An éad atá uirri go ḃfuil file caol duḃ mar leanán agamsa? Ní féidir é mar is léir go ḃfuil gráin aici air. Ní hé sin é aċt croiḋe beag agus anam nárḃ ḟiú tráċt air ḃeiṫ aici: is fuaṫ léiṫi duine ḃeiṫ níos sonasaiġe ná í féin....

An madra sa mainséir—níl ḟios agam cé ċeap an fáṫ-sgéal sin—aċt tá an leaḃar agam sa teaċ agus cuirfead cóip ċuici anoċt tríd an bpost: agus an ċéad uair eile ṫiocfas sí ar cuairt ní ḃeiḋ mé sa mbaile roimpi, má ċaillim biodán na caṫraċ féin.

Mairg gur innis mé an oiread sin i dtosaċ ḋi. Aċt ḃí cara, ḃí anamċara uaim—bean go ḃféadfainn rúin mo ċroiḋe noċtaḋ ḋi. Aċt ní ḋéanfad feasta é. Is feárr na fir le haġaiḋ a leiṫéide: aċt naċ orm atá an míáḋ—cé’n fáṫ go mbíonn siad ag síor[ 205 ]iarraiḋ snaḋm níos dlúiṫe ná cáirdeas a ċeangal? Agus ag iarraiḋ póg agus barróg ṫaḃairt dom nuair innsiġim sgéal truaiġṁéalaċ ḋóiḃ....

Aċt tá liom: déanfad fíorċara dom’ ċéile—ní fear mar cáċ é—agus beiḋ mo ḟile caol duḃ n-a leanán agam go deó na ndeór....

Go deó na ndeór—naċ í Bettí ġníṫeaḋ sgige dá ḃfeicfeaḋ sí na focail sin! Go deó na ndeór— agus a raiḃ agam ċeana de leanáin! Fiċe? B’ḟéidir é—táim ró-ṫuirseaċ anoċt le n-a gcoṁ- aireaṁ.... aċt tá ḟios ag Dia naċ raiḃ aon ḟear díoḃ ar nós mo ḟile ċaoil duiḃ....

Ar nós mo ḟile ċaoil duiḃ—aċt cé’n nós é sin? Sead, cé’n nós é sin? Táim buarṫa cráiḋte ó ḃí Bettí ag cainnt faoi. Ḃfuil sé ċoṁ dona is tá a ċáil? Ḃfuil gean aige orm ar ċor ar biṫ? Ḃfuil uaiḋ aċt mo ċorp?

Agus leaḃar na ḃféileacán—tig gráin orm gur ċeannuiġ sé an leaḃar sin, go mb’ḟéidir go ḃfuil sé os a ċionn anois féin le eólas ḃaint as i n-aon turas le mo ċéile a ṁeallaḋ.... Seaḋ, ní raiḃ an ċuireaḋ uaiḋ aċt le n-aġaiḋ sin; é ṁeallaḋ ar an seannós.... uċ!

Tá a ṗioctúir ós mo ċoṁair agus na focla seo ġá sgríoḃaḋ agam: cé’n fáṫ go ḃfuil drúis agus ain- ṁian ċorporḋa, leibideaċt agus inntleaċt, suaraċas agus uaisleaċt san éadan breáġ sin? Aċt is annsa liom é ná aon ḟear dár rugaḋ. Ḃeirfead póg duit, a ḋiaḃail: a haon.... a ḋó.... a trí....

A Ṫiġearna!

Anois raċad amaċ. Casfar liom é. Laḃarfaiḋ sé liom ar a ṡeannós iongantaċ féin. Díbreóċaiḋ [ 206 ]sé na sgamaill. Cuirfiḋ sé ruaig ar an aiṁreas. Beiḋ sé agam féinín féin aṁáin....

A ḟile ċaoil duiḃ, a rúin mo ċléiḃ, a ṁáiġistir na háilne agus na draoiḋeaċta, leatsa agus leatsa aṁáin mise idir corp agus anam má’s diaḃal ná naoṁ ṫú....

N.B.—Gan cead ṫaḃairt d’ḟear na billeóga seo léiġeaḋ go deó.

VI

A leiṫéid d’ḟear ní ḟaca mé ariaṁ! Tá mé ’mo ṡuiḋe annseo ’mo ṫost le deiċ noiméad ag súil le ceist áiṫrid uait, agus níor ċuir tú an ċeist sin. Cé’n ċeist an eaḋ? Níor ḟiafruiġ tú ḋíom cé’n gúna ċaiṫ mé aon uair dá raiḃ mé le mo ḟile caol duḃ agus eólas beaċt agat ar an uile ġúna dá ḃfuil agam....

Is beag a ḃeireaḋ orm gan a ṫuilleaḋ de’n sgéal innseaċt duit, aċt ní ḋéanfad cleas mar sin leat, mar tá tú deas, andeas, andeas amaċ ’s amaċ— ar do ḃealaċ féin....

Seaḋ, ḃuail mo ḟile caol duḃ liom an oiḋċe sin a raiḃ Bettí ar cuairt agam díreaċ mar ṡíleas. Ḃíos i ḃfastóḋ aige ar áit na mbonn. Ḃíos corruiġṫe, loinne ionnam, gan an smaċt ceart agam orm féin. Ṫuig seisean é. Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an léargus ḃí aige i rud de’n tsórt sin, léargus míor- ḃúilteaċ. D’ḟéadfaḋ sé a roġa rud a ḋéanaṁ liom ar ócáid de’n tsórt sin, agus naċ maiṫ ḃí a ḟios sin aige.

Ḃí tram ag gaḃáil ṫart. Rug sé ar uillinn orm. [ 207 ]Ḃíos ar ḃárr an tram leis sul a raiḃ ḟios agam cá raiḃ mé.

Ṫáinic giolla na dticéad.

“Ḋá ċeann go Raiṫfearnáin,” arsa mo ḟile caol duḃ.

“Aċt,” arsa mise, “níl fúmsa ḋul ċoṁ fada sin.”

Fuair sé na ticéidí. D’imṫiġ an giolla. Ḃíomar linn féin.

Ṡíleas eirġe agus imṫeaċt uaiḋ. Ḃí cineál eagla orm roiṁe—nó roṁam féin.

“Suiḋ,” ar seisean go huġdarásaċ.

Ṡuiḋeas.

Cé’n ċaḃair ḋuit a ḟiafruiġe ḋíom cé’n fáṫ gur ṡuiḋeas? Níl ḟios agam féin anois é.

Ḃí sé n-a ṁáiġistir orm go cinnte; agus ná creid aon ḃean a deireann leat naċ breáġ léiṫi máiġis- treaċt.

Iarraiḋ eile ċun eirġe.

“A Eiḃlín,” ar seisean, agus d’aiṫniġear ar a ġlór gur ṫuig sé go raiḃ sé n-a ṁáiġistir orm, “a Eiḃlín,” ar seisean, “támuid ag dul amaċ anoċt fá na coillte....”

“Aċt níor ṡíleas aċt ceaṫraṁa uaire a ċaiṫeaṁ leat,” arsa mise go lag-ḃríġeaċ.

“Amaċ fá na coillte duḃa daraiġ....”

“Aċt tá m’ḟear ag fanaċt liom sa mbaile.”

Ṡílṫeá nár ċuala sé céard ḃí mé a ráḋ. Ṫosuiġ sé ag cur de—a leiṫéid de ċainnt ḟileaḋta níor ċualas ariaṁ roiṁe sin fiú aṁáin uaiḋ féin. Ní iongnaḋ liom gur ṁeall sé leis mé.

Is minic ċonnaic mé é agus cosaṁlaċt agus mianaċ beiṫiḋiġ ġránda le taḃairt faoi deara n-a [ 208 ]éadan; agus annsin sul a n-aiṫneóċṫá, ḃéaḋ sé n-a ḟear uasal fileaḋta aoiḃinn arís. Ṫáinic an t-aṫruġaḋ sin air ó casaḋ liom é gur ṡroiċeamar an ċoill.

Tá doire beag ann—b’ḟéidir go ḃfuil sé ceaṫraṁa míle ó’n mbóṫar—crainn giuṁaise ar fad ṫart ann agus gan le feiceál aċt paisde beag de ġorm na spéire ós do ċionn.

Ann a ṡuiḋeamar agus siḋeóga agus taiḋḃsí crann n-ár dtimċeall dá ḃféadfaiḋe a ḃfeiceál.

Ṫosuiġ an ġaoiṫ ag caoineaḋ na marḃ sna géagaiḃ.

Ḃí cantal ormsa gur tugaḋ ann mé ḋom ḃuiḋ- eaċas. Aoiḃneas go raiḃ sé i n-aice liom agus a seanċrot áluinn féin air.

Ḃí se an-tsocair smaointeaċ agus gan rian aon droċ-rud n-a ġnúis.

“Tá mo ṡaoġal millte orm agadsa, a Eiḃlín,” ar sé fá ḋeóiġ

Rinneas gáiriḋ. Tuige? Mé ḃeiṫ ag cuiṁneaḋ cé ṁéad fear aduḃairt an focal céadna sin liom agus gan aon duine aca i ndá ríriḃ.

Ṫáinic friġid na feirge faoi n-a ṡúil. Smaċtaiġ sé é féin, rud naċ rinne mise.

“B’ḟéidir gur feárr a ṫaiṫneóċaḋ filiḋeaċt leat anoċt ná feallsaṁnaċt,” ar seisean.

Duḃairt sé dán beag de ġlór áluinn dúṫraċtaċ.

Míṫráṫaṁail go leór, sé an dán aduḃairt sé ceann a ċum sé fadó ariaṁ do ṁnaoi ḃí mór leis an uair sin. Bettí d’innis domsa é; indiu féin ċualas uaiṫi cé’n ċineaṁaint rug ar an mnaoi ḃoċt nuair d’eiriġ mo ḟile caol duḃ tuirseaċ ḋi....

[ 209 ]“An é an ċaoi gur ḃáiṫ sí í féin?” arsa mise go leanabaċ agus fonn orm olc a ċur air.

“Cé hí?”

D’innis mé an sgéal ḋó díreaċ mar ċualas é.

“Níl fonn orm éisteaċt le filiḋeaċt, ná le aon rud eile anoċt,” arsa mise, “táim ag dul aḃaile.”

D’eiriġeas. Rug se orm.

“Níl tú ag dul aḃaile,” ar seisean, agus ḃí an beiṫiḋeaċ gránda ar ar ṫráċtas ċeana n-a éadan.

Ḃí coiṁlint ann. Leagaḋ mise. Ṫáinic laige orm.... aċt tá gráin agam air, gráin naċ múċfar ar feaḋ na síoraiḋeaċta....

VII

Léiġfiḋ mé giota eile ḋuit:—

Ní ḟacas le mí é, ó’n oiḋċe sin ḃíomar sa gcoill, agus táim cráiḋte céasta breóiḋte.

Ní bréag a ráḋ go ḃfuil mé breóiḋte. Níor ḟágas an leabaiḋ le seaċtṁain agus ní heól do aon duine céard tá orm.

Uaireannta bím ag ráḋ liom féin naċ laḃraiḋ mé leis arís ċoiḋċe; uaireannta eile ag tnúṫ leis. Diaḃal é, diaḃal é i gcosaṁlaċt duine. Aċt má’s diaḃal nó duine é, tá greim do-sgaoilte aige ar mo ċroiḋe.... sgríoḃfad litir ċuige a ráḋ leis ṫeaċt annseo. Déanfad anois díreaċ é....

Aċt cé’n ṁaiṫ sin? Cé ṁéad litir ar sgríoḃas ċuige le mí ag ráḋ leis go mba fuaṫ liom é, ag ráḋ go mba aoiḃinn liom é, agus ní fios céard eile— leitreaċa nár cuireaḋ ċum bealaiġ ariaṁ?

Is dóċa naċ ḃfeicfeaḋ arís ċoiḋċe é....

[ 210 ]Céard sin? Seaḋ, an pléasgaḋ sin? Céard deir tú? Eirġe-Amaċ? Eirġe-Amaċ? Cé’n ċainnt sin ort? Gunnaí ag pléasgaḋ? Na hÓglaiċ?

A Ṫiġearna! Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ fíor.

Cainnt! cainnt! cainnt! Naċ minic aduḃairt mé é, naċ minic aduḃairt mé le mo ḟile caol duḃ féin é, agus é ag cur síos ar an obair ḃí fúṫa a ḋéanaṁ, naċ minic aduḃairt mé naċ ndéanfaiḋe aon ġníoṁ arís go deó i nÉirinn aċt cainnt! cainnt! cainnt!

Agus sin iad na gunnaí ḋom ḃréagnuġaḋ!

Mo ḟile caol duḃ—beiḋ sé i lár an ċaṫa....

“Tá an sgéal fíor. Tá Eirġe-Amaċ ann,” arsa mo ċéile ar ṫeaċt isteaċ ḋó, “Eirġe-Amaċ—cé ċeapaḋ go mbéaḋ an misneaċ ag an dream sin?”

“Mo ḟile caol duḃ—,” sgiorr na focla uaim.

“Liaġ maiṫ eile imṫiġṫe,” arsa mo ċéile ag imṫeaċt amaċ an doras dó.

Tá an fear sin gan croiḋe cinnte.

Níor ċodail mé néal aréir. Naċ mé atá mórḋálaċ as mo ṁuinntir! Naċ mé atá bróideaṁail gur eirġeadar amaċ i n-aġaiḋ a náiṁde! An misneaċ uasal sin—go moltar go deó é.

Dá mbéinn im’ ḟear, dá mbéaḋ an tsláinte féin agam, dá mbéaḋ sé ionnam eirġe as an leabaiḋ seo, cá mbéinn anois aċt mé féin agus mo ḟile caol duḃ guala le gualainn san áit is treise an coṁraċ....

Eisean—i lár an ċaṫa atá sé, a ċuid fear n-a ṫimċeall, é ġá dtreóruġaḋ agus ġá mbrostuġaḋ ċun ġníṁ....

[ 211 ]A Ḋia!

Ċím anois é fuar marḃ ar ċaol a ḋroma, a aġaiḋ uasal soineannta tugṫa ar na spéirṫiḃ, meangaḋ buaḋaċ ar a ḃéal, piléar trí n-a ċroiḋe....

Canfar a ainm go deó na ndeór. Maiṫfear a loċta. Maiṫim do ċionta—is tú mo laoċ, mo ċuid, mo ṫaisge, a ḟile ċaoil duiḃ....

Ṫáinic laige orm de ḃárr na haislinge sin ċon- naiceas.

Nuair ṁúsgluiġeas ḃí mo ċéile ós mo ċionn.

“A Eiḃlín,” ar seisean i ḃfad níos gráḋṁaire ná duḃairt sé ariaṁ ċeana é.

Aċt ċaiṫeas an lá ar fad ag raṁallaḋ agus ag baoṫ-ċainnt agus ag cur síos ar mo ḟile caol duḃ. Ag iarraiḋ eirġe agus a ċorp uasal ḟaġáil ḃíos, duḃraḋ liom.

Ar ṫeaċt an tráṫnóna, ṫáinic roinnt céille ċugam.

Ṡuiḋ m’ḟear le hais na leabṫan—ḃí sé ann ar feaḋ an aċair dá mbéaḋ ḟios agam é.

“A Eiḃlín,” ar seisean, agus leag sé láṁ ar mo ḃaiṫis, “a Eiḃlín, ná bíoḋ buairt ort. Tiocfaiḋ t’ḟile ar ais....”

“Ní ṫiocfaiḋ! ní ṫiocfaiḋ ċoiḋċe ná go bráṫaċ.” Laḃair sé arís go réiḋ socair.

“A Eiḃlín,” ar seisean, “raċad isteaċ sa gcaṫair. Tá ḟios agam cá ḃfuil fear go mbíonn an uile ṡórt nuaiḋeaċt aige. Ní ṫiocfaiḋ mé ar ais go mbeiḋ tuairisg t’ḟile agam....”

Ṫug sé póg dom, ar an mbaiṫis, agus ḃí sé imṫiġṫe sul ar ṫuig mé céard a ḃí faoi a ḋéanaṁ.

[ 212 ]Mo ċéile imṫiġṫe i gcontaḃairt a ḃáis le tuairisg mo leanáin a ċur ar ṁaiṫe liomsa! Ar rugaḋ a leiṫéid eile d’ḟear iongantaċ ar ḋruim an doṁain ariaṁ?

VIII

Ní cáll dom níos mó a léiġeaḋ. Tá ḟios agad deireaḋ an sgéil ċoṁ maiṫ liom féin. Baintreaḃaċ anois mé. Frioṫaḋ mo ċéile marḃ i gcúlṡráid i n-aice le Portobello agus piléar ṫrí n-a ċloigeann....

Agus mo ḟile caol duḃ? Cé nár casaḋ leat i mBaile Áṫa Cliaṫ le goirid é? Tá sé le feiceál gaċ uile áit ann, ag innseaċt do’n té ṫiuḃras cluas dó cé’n fáṫ naċ raiḃ sé féin san Eirġe-Amaċ, agus an ḃaint ḃí aige leis an gcineál sin oibre le bliaḋantaiḃ fada.

Níor innis sé domsa fós é agus má innsiġeann....

Ó seaḋ, ó tá tú ag imṫeaċt croċ leat an dán beag seo ċuir sé ċugam ar maidin—dán ag molaḋ luċt na ngníoṁ seaḋ é. Níor léiġeas féin é agus ní léiġfead. Déan; taḃair leat ar fad iad—na leaḃráin ḃeaga filiḋeaċta agus dánta ionnta a ṫógfaḋ do ċroiḋe leis an ḃfíoráilne atá ag baint leó; taḃair leat ar fad iad—aċt fág agamsa an ċuiṁne ċruaiḋ atá agam ’mo ċroiḋe ar mo ḟile caol duḃ....