Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/218

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
202
M’ḞILE CAOL DUḂ

diaṁra agus beiḋ réaltóga neiṁe ag dearcaḋ anuas orainn agus muid n-ár luiġe faoi ṫom.... agus tiocfaiḋ breacaḋ an lae agus tosnóċaiḋ na héanlaiṫ ag ceileaḃar ar an gcraoiḃ—”

D’ḟáisgeas láṁ mo ḟile ċaoil duiḃ—aċt sgiobas mo láṁ uaiḋ ar an toirt ar eagla go sílfeaḋ sé go mba cuireaḋ ḋó an ċainnt ċéadna a ráḋ liomsa an ḃarróg sin....

Ḃuail taom aisdeaċ mé. D’aiṫniġ mo leanán orm a ċorruiġṫe is ḃíos—an sruṫ aiḃleaċta nó coṁḃáiḋ ḃíos eadrainn. Ḃí ḟios agam go raiḃ sé ag cur na súl ṫrím sa leaṫḋorċadas, go raiḃ sé ag cur draoiḋeaċt orm, go raiḃ contaḃairt ḋomsa agus ḋó-san sa ḃféaċaint sin. Ḃí ḟios agam go ḃfeicfinn dúil a ċroiḋe agus a anma n-a ṡúiliḃ, gur ṫnúṫ sé liom idir corp agus anam, go raiḃ gaeṫe teó uaiḋ, go raiḃ na gaeṫe sin ḋom’ ċuimilt agus ḋom’ ḋóiġeaḋ agus ḋom’ ċráḋ....

An sgáṫ ḃíos orm roiṁ na súile sin!

Aċt tráṫaṁail go leór, ṫáinic an brat anuas, tóigeaḋ na soillse, ṫosuiġ an ceól. Ṡíl mé cainnt a ḋéanaṁ leis. Ṫeip orm i dtosaċ. Ṡíl mé innseaċt dó faoi’n gcainnt ḃí agam le m’ḟear. Ṫeip orm arís. Ṫuig sé cé’n fáṫ agus ḃí ḟios aige go raiḃ ḟios agamsa gur ṫuig. Níor ċaḃruiġ sé liom. B’áil leis an ċuṁaċt ḃí aige orm a ċleaċtaḋ.

Maraċ an leaḃar féileacán ḃí aige ḃéinn gan aḋḃar cainnte giḋ go raiḃ mo ċroiḋe agus m’anam lán.

“Seaḋ,” arsa mise, “tá suim agad sna ḃféil- eacán,” agus rugas ar an leaḃar.

“Tá agus níl.”