Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/217

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
201
M’ḞILE CAOL DUḂ

IV

Aċt leaḃar na ḃféileacán ḃí ag mo ḟile caol duḃ—fan; tá irisleaḃar sgríoḃas faoi’n am sin sa mbosga annseo agam. Níor léiġ duine ná daon- naiḋe ariaṁ é, aċt léiġfead giota as duitse anois Ó.... ó—naċ ḃfuil ḟios agad féin cé’n fáṫ?

Aċt éist, agus ná bíoḋ aon tseafóid mar sin ort, a ḋuine:—

Oiḋċe Ṡaṁna—ḋeaṁan ar sgríoḃ mé síos an ḃliaḋain, aċt naċ cuma? Oiḋċe Ṡaṁna: i nAṁar- clainn na Mainistreaċ le mo ḟile caol duḃ: dráma le Synge: an ċéad uair dá ḃfacas é: níor ṫugas mórán áird air i dtosaċ: níor ċualas tráċt ar an uġdar roiṁe sin, agus ḃíos trí n-a ċéile roinnt— an ċainnt ḃí agam le m’ḟear agus an ealaḋain nuaḋ ḃí ġá foġluim ag mo leanán: na féileacáin ḃradaċ’ ġránda!

Aċt níorḃ ḟada gur rugaḋ ar mo láiṁ. D’ḟáisgeaḋ í. Ċualas an glór bog ceólṁar—mo ḟile caol duḃ ar ndóiġ.

“A Eiḃlín.... éist! éist!”

Ċuireas cluas orm féin. Ag súil le binnḃriaṫraiḃ mealltaċa uaiḋ ḃíos—ag súil le cainnt aoiḃinn ṗlámásaċ ḟileaḋta d’ḟeilfeaḋ do’n ócáid agus do’n ḃarróig ḃí aige ar mo láiṁ—aċt má ḃíos ag súil le filiḋeaċt fuaireas an rud ḃí uaim, aċt ní ó’n ḃfile ḃí le m’ais é aċt ó luċt an stáitse.

Fear siuḃail ḃí ag cainnt le bean tiġe a raiḃ a fear marḃ agus é ag iarraid í ṁeallaḋ leis.

“Téanam liomsa,” adeireaḋ sé, “agus beiḋ muid ag imṫeaċt de ṡiuḃal oidċe faoi ċoilltiḃ duḃa