Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/216

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
200
M’ḞILE CAOL DUḂ

bainríoġna trí n-a bpríoṁ-ċaṫair iar n-a gcórónuġaḋ ár ngluaiseaċt-na, mise agus mo ḟile caol duḃ.

Níor ṫuigeas ariaṁ go dtí an oiḋċe sin cé’n meas agus cáil ḃí air? Gaċ uile ċúig slat ḃeannuiġeaḋ duine ḋó. Na mná is mó ṫugas féin faoi deara. Gaċ bean díoḃ d’aiṫniġ é (agus is corrḋuine nár aiṫniġ) ḃíoḋ ceist faoi n-a súil aici: cé hí an ḃean ċoiṁṫiġeaċ seo ḃíos i gcoṁnaiḋe le Búrcaċ file anois? Meas tú cé’n greim atá aici air? Ḋeaṁan a gcuireann sé spéis i n-aon ḃean aċt í....

Nó: Agus an í sin í? Naċ aisteaċ agus naċ gránda an gúna atá uirri? Ó seaḋ, tuigim—sgéal aisteaċ ar fad....

Nó: Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ aṁlaiḋ! Í sin! Agus ar sgríoḃ sé ariaṁ de ḋántaiḃ faoi áilne san mnaoi!

Aċt ba ċuma liomsa céard deirfidís. Naċ raiḃ mo ḟile caol duḃ agam féin ḋom féin, agus má ḃí an ḃantraċt éadṁar naċ raiḃ cúis ṁaiṫ aca?

Bainead an ṁórḋáil ḋíom gan mórán aċair. Bean ḃí ag gaḃáil ṫart agus ċualas í a ráḋ:

“Is ar éigin d’aiṫneóċṫá go raiḃ sé basaċ ar ċor ar biṫ san oiḋċe.”

Dá mbéinn liom féin, sílim go mbeirinn uirri agus go dtiuḃrainn leadóg ḋi....

Ṫosaiġ mo ḟile caol duḃ ag cur ḋe go mear faoi— ní fios dom cé’n rud. Is eagal liom go gcuala sé focal na mná agus gur ġoill sé air. An fear boċt! Is agam ḃí an truaiġ ḋó.... aċt tuigfiḋ tú féin cé’n gean ḃí agam ḋó sna laeṫiḃ sin nár ċuir sé as dom a ḃasaiġe is ḃí mo ḟile caol duḃ.

Agus an ġráin ḃíoḋ agam ar an deamar sin!