Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
199
M’ḞILE CAOL DUḂ

Ḃeannuiġeas dó. Ḃeannuiġ sé ḋom—ní ċreidṫeá aċt an maorḋaċt ḃí ag baint leis ar uairiḃ; d’ḟéad- faḋ sé a ḃairéad ḃaint de ar ḋóiġ faoi leiṫ—béasa na ḃFranncaċ agus dílseaċt na nÉireannaċ measgṫa n-a ċéile.

“Ó, tá do leaḃar nuaḋ ar faġáil,” arsa mise, “naċ toirteaṁail é!”

“Ní hé atá agam,” ar seisean, agus ṡín sé an leaḃar ċugam.

Is beag nár ċailleas raḋarc na súl. Toṁais céard ḃí aige. Aċt ní ḋéanfá go bráṫaċ é. Leaḃar mór ealaḋanta ag cur síos ar ṡaoġal na ḃféileacán!

Ġluais linn n-ár dtost. Ag gaḃáil ṫar Ḋroiċead Uí Ċonaill dúinn ṫáinic an ċainnt ċugam.

“Agus a’ gcuireann tusa spéis sna ḃféileacán freisin?”

Is ar éigin ḃí ionnam an ċeist a ċur. Mo ċéile agus gan spéis aige i n-aon niḋ aċt sna feiṫeidiḃ bradaċ’ seo, agus mo ḟile duḃ dílis i gcontaḃairt imṫeaċt ar an ealaḋain ċéadna! Naċ agam ḃí an ġráin orra mar ḟéileacáin!

“Ó, seaḋ, an leaḃar sin—,” aċt ní raiḃ sé d’uain aige innseaċt dom cé’n fáṫ ḋó spéis a ċur san ealaḋain sin—fear ḃí ag imṫeaċt ṫart ḃeannuiġ ḋó agus ċuir cainnt air ós íseal, fear naċ ḃfeicfear ar an saoġal seo arís ċoiḋċe....

Ġluais linn arís.

“Innseoċad duit faoi’n leaḃar san aṁarclann,” ar seisean.

Ar ṡiuḃal tú Sráid Uí Ċonaill ariaṁ sna laeṫiḃ órḋa sin agus file cliuṁail nó fear poilitiḋeaċta le do ċois? Ba ġeall le gluaiseaċt ríoġ agus