Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
198
M’ḞILE CAOL DUḂ

an áit atá aige ’do ċroiḋe-sa a ḃaint ḋe, agus ḋul isteaċ ann mé féin, a Eiḃlín.”

D’imṫiġ sé go tobann. Aċt d’ḟill i gceann leaṫ- noiméide.

“Atá aon ċoṁairle aṁáin agam le taḃairt duit,” ar seisean agus é n-a ṡeasaṁ ag an doras agus aṫruġaḋ mór ar a ġlór, “má tá coinne déanta agat leis anoċt, seaċain aér na hoiḋċe nó tiocfaiḋ aṫluiġe ort. Taḃair annseo é—”

D’ḟág sé an seómra ar a nós ṁear féin gan focal eile a ráḋ.

Ċuireas orm. Ḃí coinne agam le mo ḟile duḃ. Ag gaḃáil ṫar ḟuinneóig m’ḟir ḋom, d’ḟéaċas isteaċ. Ḃí sé n-a ṡeasaṁ ag bórd, mionraḋarcán le n-a ṡúil agus é ag déanaṁ stuidéir ar ḟéileacán.

Ní raiḃ ḟios aige go raiḃ mé ag féaċaint air ar ndóiġ. Aċt ċaiṫeas póg ċuige agus mé ag imṫeaċt....

A leiṫéid d’ḟear!

III

Ṫug tú féin taiṫneaṁ do ṁnaoi uair. Ní call dom innseaċt duit cé’n deifir ḃíos ar ḋuine agus sgéal mór aige dá leanán. Ní fios dom anois cé’n gléas iomċuir ḃí agam—brat draoiḋeaċta ó’n Oirṫear nó mo sgéal iongantaċ féin?

Aċt ḃí seisean ann roṁam—annsin ag ceann Sráid Ġrafton. É n-a ṡeasaṁ faoi lóċrainn sráide agus leaḃar fosgailte n-a ġlaic aige. Na daoine ḃí ag gaḃáil an tsliġe ḃí orra é ṫimċeallaḋ—é n-a ċarraig ṡeasta annsin i lár sroṫa daonna.