Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/213

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
197
M’ḞILE CAOL DUḂ

leiġsiġ ṫú—ní luaḋfad a ainm go n-abróċaiḋ tú féin i dtosaċ é. Aċt tá ḟios agam a ċáil—a ċáil, an eaḋ? A ṡeaċt gcáil ba ċóra ḋom a ráḋ; a ċáil ḟileaḋta, a ċáil ṫírġráḋ, a ċáil áilne, a ċáil ḋíl- seaċta....”

An molaḋ ḃí mo ċéile ag taḃairt do mo ḟile an focal ba ḃinne ċualas uaiḋ ó ṗós mé: an gcreidteá sin? B’ḟóbair dom póg ṫaḃairt dó!

Lean sé leis an gcainnt.

“Ċualas,” ar seisean, “an ċáil atá air faoi ól, faoi ṁnáiḃ, faoi....”

D’ḟéaċ mé le cur isteaċ air aċt níor leig sé ḋom. Anois féin cuireann sé fearg orm má deir- tear go raiḃ droċċáil ar mo ḟile duḃ faoi ṁnáiḃ. Tuige?

“Aċt má tá na seaċt gcáil sin féin air táim buiḋeaċ de: nár ṡuaiṁniġ sé an saoġal duitse? Agus má tá droċċáil air faoi ṁnáiḃ tá muinġín agam asadsa—agur beiḋ go bráṫaċ....”

Ċuaiḋ a ḟéaċaint ṫríom. Naċ aoiḃinn naċ raiḃ aon niḋ le ceilt agam?

“A Eiḃlín....”

Losg an ḟéaċaint truaiġṁéalaċ ḃí n-a ṡúiliḃ m’anam istiġ.

Dá mbéaḋ friġid na seirce féin eadrainn aiṫ- ḃeoḋċaiḋe é an uair sin; ní raiḃ—naċ aiṁréiḋseaċ iad bealaiġ Dé?

“Taḃair annseo é,” ar seisean, “cuirfead fáilte roiṁe—ar do ṡon-sa....”

Ċuaiḋ sé go doras an tseómra. Ṡeas sé tamall ag féaċaint orm.

“Mo ċéad léan,” ar sé, “naċ ḃfuil mise i n-ann