Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/219

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
203
M’ḞILE CAOL DUḂ

Ċuirfinn ceist air le mo ṡúiliḃ maraċ go raiḃ ḟios agam naċ raiḃ an taom ṫart ballaċ.

“Maraċ tusa ní ḃéaḋ an leaḃar sin agam,” ar seisean.

“Mise?”

D’innis sé an sgéal ḋom: go raiḃ sé le dul ar cuairt ag teaċ áiṫrid; go raiḃ mo ċéile le ḃeiṫ ann; go raiḃ sé ag iarraiḋ eólas a ċur ar ealaḋain na ḃféileacán go ḃféadfaḋ sé laḃairt leis go clisde n-a dtaoḃ—rud naċ ḃféadfaḋ aċt fíorḃeagán i mBaile Áṫa Cliaṫ a ḋéanaṁ. Agus annsin—tá náire orm é ráḋ faoi mo ḟile caol duḃ—annsin ḃí sé cinnte go ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ ṫeaċt ar cuairt againn-ne....

An difriḋeaċt ḃíos idir na fearaiḃ! Mo léan gan cuid de ḋeáġṫréiṫriḃ mo ċéile i mo leanán—a uaisleaċt, a intinn ṁór ḟosgailte, an ṁuinġín atá aige asamsa abair; é sin nó draoiḋeaċt ṗearsanda mo ḟile ḃeiṫ ag mo ċéile—aċt ní gnáṫaċ le Dia a leiṫéid a ḃronnaḋ ar aon ṁnaoi....

Aċt is cinnte naċ n-abróċad le mo ḟile caol duḃ go ḃfuil cuireaḋ aige ċun an tiġe ċeana féin. Tá contaḃairt ann, contaḃairt ṁór.... agus tá muinġín ag mo ċéile asamsa.... má ḟiafruiġṫear ḋíom cé’n fáṫ naċ ḃfuil sé ag teaċt—naċ cráiḋte an sgéal agam ar aon ċuma é!

An ḃeirt ḟear sin!

V

Giota eile as an irisleaḃar é seo:—

Ṫáinic Bettí isteaċ ċugam tráṫnóna. Rinne sí