Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/220

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
204
M’ḞILE CAOL DUḂ

biodán ṫaiṫniġ liom go mór—aċt ċaiṫ sí uair ḟada a ċluig ag cáineaḋ mo ḟile ċaoil duiḃ.

Is rí-ḋeacair cosg ċur le Bettí nuair ṫosuiġeas sí ar ḋuine a ċáineaḋ. Bíonn an dá ḃriġ i gcoṁ- naiḋe leis an uile ḟocal sgaoileann sí uaiṫi agus má cuirtear isteaċ uirri deirfiḋ sí naċ é sin ḃí ġá ráḋ aici ar ċor ar biṫ aċt a ṁalairt. Aċt fágann a cuid cainnte droċḃlas ’do ḃéal. Bíonn aiṁreas agat ar an té cáintear ar an dóiġ sin cuma cé’n meas ḃí agat air roiṁe sin.

Innsiġeann sí sgéalta beaga gránda faoi’n duine naċ dtaiṫnigeann léiṫi; cuireann sí cosg léiṫi féin go tobann agus deireann:

“Ó, ní ceart dom an sgéal sin a ráḋ agus ċoṁ mór leis is tá tusa.”

Aċt fágann sí ag maċtnaṁ ṫú, agus ní feárrde do leanán é.

An éad atá uirri go ḃfuil file caol duḃ mar leanán agamsa? Ní féidir é mar is léir go ḃfuil gráin aici air. Ní hé sin é aċt croiḋe beag agus anam nárḃ ḟiú tráċt air ḃeiṫ aici: is fuaṫ léiṫi duine ḃeiṫ níos sonasaiġe ná í féin....

An madra sa mainséir—níl ḟios agam cé ċeap an fáṫ-sgéal sin—aċt tá an leaḃar agam sa teaċ agus cuirfead cóip ċuici anoċt tríd an bpost: agus an ċéad uair eile ṫiocfas sí ar cuairt ní ḃeiḋ mé sa mbaile roimpi, má ċaillim biodán na caṫraċ féin.

Mairg gur innis mé an oiread sin i dtosaċ ḋi. Aċt ḃí cara, ḃí anamċara uaim—bean go ḃféadfainn rúin mo ċroiḋe noċtaḋ ḋi. Aċt ní ḋéanfad feasta é. Is feárr na fir le haġaiḋ a leiṫéide: aċt naċ orm atá an míáḋ—cé’n fáṫ go mbíonn siad ag síor-