Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/221

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
205
M’ḞILE CAOL DUḂ

iarraiḋ snaḋm níos dlúiṫe ná cáirdeas a ċeangal? Agus ag iarraiḋ póg agus barróg ṫaḃairt dom nuair innsiġim sgéal truaiġṁéalaċ ḋóiḃ....

Aċt tá liom: déanfad fíorċara dom’ ċéile—ní fear mar cáċ é—agus beiḋ mo ḟile caol duḃ n-a leanán agam go deó na ndeór....

Go deó na ndeór—naċ í Bettí ġníṫeaḋ sgige dá ḃfeicfeaḋ sí na focail sin! Go deó na ndeór— agus a raiḃ agam ċeana de leanáin! Fiċe? B’ḟéidir é—táim ró-ṫuirseaċ anoċt le n-a gcoṁ- aireaṁ.... aċt tá ḟios ag Dia naċ raiḃ aon ḟear díoḃ ar nós mo ḟile ċaoil duiḃ....

Ar nós mo ḟile ċaoil duiḃ—aċt cé’n nós é sin? Sead, cé’n nós é sin? Táim buarṫa cráiḋte ó ḃí Bettí ag cainnt faoi. Ḃfuil sé ċoṁ dona is tá a ċáil? Ḃfuil gean aige orm ar ċor ar biṫ? Ḃfuil uaiḋ aċt mo ċorp?

Agus leaḃar na ḃféileacán—tig gráin orm gur ċeannuiġ sé an leaḃar sin, go mb’ḟéidir go ḃfuil sé os a ċionn anois féin le eólas ḃaint as i n-aon turas le mo ċéile a ṁeallaḋ.... Seaḋ, ní raiḃ an ċuireaḋ uaiḋ aċt le n-aġaiḋ sin; é ṁeallaḋ ar an seannós.... uċ!

Tá a ṗioctúir ós mo ċoṁair agus na focla seo ġá sgríoḃaḋ agam: cé’n fáṫ go ḃfuil drúis agus ain- ṁian ċorporḋa, leibideaċt agus inntleaċt, suaraċas agus uaisleaċt san éadan breáġ sin? Aċt is annsa liom é ná aon ḟear dár rugaḋ. Ḃeirfead póg duit, a ḋiaḃail: a haon.... a ḋó.... a trí....

A Ṫiġearna!

Anois raċad amaċ. Casfar liom é. Laḃarfaiḋ sé liom ar a ṡeannós iongantaċ féin. Díbreóċaiḋ