Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/222

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
206
M’ḞILE CAOL DUḂ

sé na sgamaill. Cuirfiḋ sé ruaig ar an aiṁreas. Beiḋ sé agam féinín féin aṁáin....

A ḟile ċaoil duiḃ, a rúin mo ċléiḃ, a ṁáiġistir na háilne agus na draoiḋeaċta, leatsa agus leatsa aṁáin mise idir corp agus anam má’s diaḃal ná naoṁ ṫú....

N.B.—Gan cead ṫaḃairt d’ḟear na billeóga seo léiġeaḋ go deó.

VI

A leiṫéid d’ḟear ní ḟaca mé ariaṁ! Tá mé ’mo ṡuiḋe annseo ’mo ṫost le deiċ noiméad ag súil le ceist áiṫrid uait, agus níor ċuir tú an ċeist sin. Cé’n ċeist an eaḋ? Níor ḟiafruiġ tú ḋíom cé’n gúna ċaiṫ mé aon uair dá raiḃ mé le mo ḟile caol duḃ agus eólas beaċt agat ar an uile ġúna dá ḃfuil agam....

Is beag a ḃeireaḋ orm gan a ṫuilleaḋ de’n sgéal innseaċt duit, aċt ní ḋéanfad cleas mar sin leat, mar tá tú deas, andeas, andeas amaċ ’s amaċ— ar do ḃealaċ féin....

Seaḋ, ḃuail mo ḟile caol duḃ liom an oiḋċe sin a raiḃ Bettí ar cuairt agam díreaċ mar ṡíleas. Ḃíos i ḃfastóḋ aige ar áit na mbonn. Ḃíos corruiġṫe, loinne ionnam, gan an smaċt ceart agam orm féin. Ṫuig seisean é. Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an léargus ḃí aige i rud de’n tsórt sin, léargus míor- ḃúilteaċ. D’ḟéadfaḋ sé a roġa rud a ḋéanaṁ liom ar ócáid de’n tsórt sin, agus naċ maiṫ ḃí a ḟios sin aige.

Ḃí tram ag gaḃáil ṫart. Rug sé ar uillinn orm.