Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/223

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
207
M’ḞILE CAOL DUḂ

Ḃíos ar ḃárr an tram leis sul a raiḃ ḟios agam cá raiḃ mé.

Ṫáinic giolla na dticéad.

“Ḋá ċeann go Raiṫfearnáin,” arsa mo ḟile caol duḃ.

“Aċt,” arsa mise, “níl fúmsa ḋul ċoṁ fada sin.”

Fuair sé na ticéidí. D’imṫiġ an giolla. Ḃíomar linn féin.

Ṡíleas eirġe agus imṫeaċt uaiḋ. Ḃí cineál eagla orm roiṁe—nó roṁam féin.

“Suiḋ,” ar seisean go huġdarásaċ.

Ṡuiḋeas.

Cé’n ċaḃair ḋuit a ḟiafruiġe ḋíom cé’n fáṫ gur ṡuiḋeas? Níl ḟios agam féin anois é.

Ḃí sé n-a ṁáiġistir orm go cinnte; agus ná creid aon ḃean a deireann leat naċ breáġ léiṫi máiġis- treaċt.

Iarraiḋ eile ċun eirġe.

“A Eiḃlín,” ar seisean, agus d’aiṫniġear ar a ġlór gur ṫuig sé go raiḃ sé n-a ṁáiġistir orm, “a Eiḃlín,” ar seisean, “támuid ag dul amaċ anoċt fá na coillte....”

“Aċt níor ṡíleas aċt ceaṫraṁa uaire a ċaiṫeaṁ leat,” arsa mise go lag-ḃríġeaċ.

“Amaċ fá na coillte duḃa daraiġ....”

“Aċt tá m’ḟear ag fanaċt liom sa mbaile.”

Ṡílṫeá nár ċuala sé céard ḃí mé a ráḋ. Ṫosuiġ sé ag cur de—a leiṫéid de ċainnt ḟileaḋta níor ċualas ariaṁ roiṁe sin fiú aṁáin uaiḋ féin. Ní iongnaḋ liom gur ṁeall sé leis mé.

Is minic ċonnaic mé é agus cosaṁlaċt agus mianaċ beiṫiḋiġ ġránda le taḃairt faoi deara n-a