Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/224

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
208
M’ḞILE CAOL DUḂ

éadan; agus annsin sul a n-aiṫneóċṫá, ḃéaḋ sé n-a ḟear uasal fileaḋta aoiḃinn arís. Ṫáinic an t-aṫruġaḋ sin air ó casaḋ liom é gur ṡroiċeamar an ċoill.

Tá doire beag ann—b’ḟéidir go ḃfuil sé ceaṫraṁa míle ó’n mbóṫar—crainn giuṁaise ar fad ṫart ann agus gan le feiceál aċt paisde beag de ġorm na spéire ós do ċionn.

Ann a ṡuiḋeamar agus siḋeóga agus taiḋḃsí crann n-ár dtimċeall dá ḃféadfaiḋe a ḃfeiceál.

Ṫosuiġ an ġaoiṫ ag caoineaḋ na marḃ sna géagaiḃ.

Ḃí cantal ormsa gur tugaḋ ann mé ḋom ḃuiḋ- eaċas. Aoiḃneas go raiḃ sé i n-aice liom agus a seanċrot áluinn féin air.

Ḃí se an-tsocair smaointeaċ agus gan rian aon droċ-rud n-a ġnúis.

“Tá mo ṡaoġal millte orm agadsa, a Eiḃlín,” ar sé fá ḋeóiġ

Rinneas gáiriḋ. Tuige? Mé ḃeiṫ ag cuiṁneaḋ cé ṁéad fear aduḃairt an focal céadna sin liom agus gan aon duine aca i ndá ríriḃ.

Ṫáinic friġid na feirge faoi n-a ṡúil. Smaċtaiġ sé é féin, rud naċ rinne mise.

“B’ḟéidir gur feárr a ṫaiṫneóċaḋ filiḋeaċt leat anoċt ná feallsaṁnaċt,” ar seisean.

Duḃairt sé dán beag de ġlór áluinn dúṫraċtaċ.

Míṫráṫaṁail go leór, sé an dán aduḃairt sé ceann a ċum sé fadó ariaṁ do ṁnaoi ḃí mór leis an uair sin. Bettí d’innis domsa é; indiu féin ċualas uaiṫi cé’n ċineaṁaint rug ar an mnaoi ḃoċt nuair d’eiriġ mo ḟile caol duḃ tuirseaċ ḋi....