Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/225

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
209
M’ḞILE CAOL DUḂ

“An é an ċaoi gur ḃáiṫ sí í féin?” arsa mise go leanabaċ agus fonn orm olc a ċur air.

“Cé hí?”

D’innis mé an sgéal ḋó díreaċ mar ċualas é.

“Níl fonn orm éisteaċt le filiḋeaċt, ná le aon rud eile anoċt,” arsa mise, “táim ag dul aḃaile.”

D’eiriġeas. Rug se orm.

“Níl tú ag dul aḃaile,” ar seisean, agus ḃí an beiṫiḋeaċ gránda ar ar ṫráċtas ċeana n-a éadan.

Ḃí coiṁlint ann. Leagaḋ mise. Ṫáinic laige orm.... aċt tá gráin agam air, gráin naċ múċfar ar feaḋ na síoraiḋeaċta....

VII

Léiġfiḋ mé giota eile ḋuit:—

Ní ḟacas le mí é, ó’n oiḋċe sin ḃíomar sa gcoill, agus táim cráiḋte céasta breóiḋte.

Ní bréag a ráḋ go ḃfuil mé breóiḋte. Níor ḟágas an leabaiḋ le seaċtṁain agus ní heól do aon duine céard tá orm.

Uaireannta bím ag ráḋ liom féin naċ laḃraiḋ mé leis arís ċoiḋċe; uaireannta eile ag tnúṫ leis. Diaḃal é, diaḃal é i gcosaṁlaċt duine. Aċt má’s diaḃal nó duine é, tá greim do-sgaoilte aige ar mo ċroiḋe.... sgríoḃfad litir ċuige a ráḋ leis ṫeaċt annseo. Déanfad anois díreaċ é....

Aċt cé’n ṁaiṫ sin? Cé ṁéad litir ar sgríoḃas ċuige le mí ag ráḋ leis go mba fuaṫ liom é, ag ráḋ go mba aoiḃinn liom é, agus ní fios céard eile— leitreaċa nár cuireaḋ ċum bealaiġ ariaṁ?

Is dóċa naċ ḃfeicfeaḋ arís ċoiḋċe é....