Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/226

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
210
M’ḞILE CAOL DUḂ

Céard sin? Seaḋ, an pléasgaḋ sin? Céard deir tú? Eirġe-Amaċ? Eirġe-Amaċ? Cé’n ċainnt sin ort? Gunnaí ag pléasgaḋ? Na hÓglaiċ?

A Ṫiġearna! Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ fíor.

Cainnt! cainnt! cainnt! Naċ minic aduḃairt mé é, naċ minic aduḃairt mé le mo ḟile caol duḃ féin é, agus é ag cur síos ar an obair ḃí fúṫa a ḋéanaṁ, naċ minic aduḃairt mé naċ ndéanfaiḋe aon ġníoṁ arís go deó i nÉirinn aċt cainnt! cainnt! cainnt!

Agus sin iad na gunnaí ḋom ḃréagnuġaḋ!

Mo ḟile caol duḃ—beiḋ sé i lár an ċaṫa....

“Tá an sgéal fíor. Tá Eirġe-Amaċ ann,” arsa mo ċéile ar ṫeaċt isteaċ ḋó, “Eirġe-Amaċ—cé ċeapaḋ go mbéaḋ an misneaċ ag an dream sin?”

“Mo ḟile caol duḃ—,” sgiorr na focla uaim.

“Liaġ maiṫ eile imṫiġṫe,” arsa mo ċéile ag imṫeaċt amaċ an doras dó.

Tá an fear sin gan croiḋe cinnte.

Níor ċodail mé néal aréir. Naċ mé atá mórḋálaċ as mo ṁuinntir! Naċ mé atá bróideaṁail gur eirġeadar amaċ i n-aġaiḋ a náiṁde! An misneaċ uasal sin—go moltar go deó é.

Dá mbéinn im’ ḟear, dá mbéaḋ an tsláinte féin agam, dá mbéaḋ sé ionnam eirġe as an leabaiḋ seo, cá mbéinn anois aċt mé féin agus mo ḟile caol duḃ guala le gualainn san áit is treise an coṁraċ....

Eisean—i lár an ċaṫa atá sé, a ċuid fear n-a ṫimċeall, é ġá dtreóruġaḋ agus ġá mbrostuġaḋ ċun ġníṁ....