Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/200

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
184
M’ḞILE CAOL DUḂ

a ġlasrosg, agus gur ġríosaiġ sé na fir ċun gníoṁ- arṫa móra le teas agus le dísleaċt a ṁeóin, an dá ḃaraṁail is coitċianta ċluinfeas tú. Is iomḋa bean agus tig luisne n-a gruaḋ agus loinnir n-a súil nuair ḃíos sí ag cur síos air; agus má ḃíonn aon aiṫne ṁaiṫ agat uirri, innseóċaiḋ sí ḋuit cé’n uraim ṁór ḃí aici ḋó tráṫ; aċt má tá léargus ar biṫ agat ar ċroiḋe mná tuigfiḋ tú go ḃfuil an uraim ḃanda sin anġaolṁar leis an ngráḋ. Tá cuid eile de na mnáiḃ agus beiḋ siad ag gaḃáil leiṫsgéil leat faoi naċ raiḃ sa ḃfile gníoṁ a ḋéanaṁ i n-aimsir na ngníoṁ, agus má ċuireann tú i gcéill dóiḃ seo naċ easbaiḋ misniġ ḃí air beiḋ siad mór leat go deó na ndeór....

Casaḋ mórṡeisear ban liom le goirid. Ḃí aiṫne ag an uile ḃean díḃ ar an ḃfile, ar an mBúrcaċ Duḃ—aiṫne ṁaiṫ ag cuid díḃ, agus aiṫne súl aṁáin ag an gcuid eile—aċt ní raiḃ bean díḃ nár ċaiṫ cuid ṁaiṫ de’n aimsir ag cur síos air. Triúr díḃ nár laḃair aċt ar a ċuid filiḋeaċta: ní raiḃ aca air aċt aiṫne cáil. Beirt eile agus ṁoladar é ar ḋaṫaṁlaċt a ṗearsan ar ḋóiġ ċuṫalaċ ḃanda: tús gráḋa an molaḋ sin duḃras liom féin. Bean eile díḃ, agur ḃí a raiḃ de ḋroċ-sgéaltaiḃ náireaċa duḃraḋ faoi ariaṁ ar ḃarr a teangan aici: bean nár ṫug sé aon áird uirri ariaṁ b’eaḋ í siúd. Aċt an ḃean eile, an seaċtṁaḋ bean—ḃí niṁ n-a croiḋe siúd do’n ḟile. Is beag nár réabaḋ an dlúṫ- ċáirdeas luaċṁar atá eadrainn le na bliaḋantaiḃ nuair a ṡíleas páirt an ḟile a ġaḃáil léiṫi. Ḃris sí isteaċ orm leis an sgéal seo:—