SGÉAL NA MNÁ
I
Cé’n maiṫ ḋuit ḃéiṫ ag cainnt ná ag iarraiḋ a leiṫsgéal a ġaḃáil! Naċ agamsa atá an aiṫne ṁaiṫ air! A Ḃúrcaiġ na filiḋeaċta a ḃfuil an draoiḋeaċt ’do ḋá ṡúil, agus an focal beó binn ’do ḃéal ċun mná a ṁeallaḋ, tá aiṫne agamsa ort, an aiṫne naċ mbronntar aċt ar ḃeagán! Ná raḃ an aiṫne ċuirp agus anamna sin ag aon ṁnaoi ar aon ḟear mar é arís ċoiḋċe....
Cúig bliadna ḃíos pósta nuair ċonnaiceas i dtosaċ é. Ní raiḃ aon ċlann orm. Ḃí m’ḟear—céard is féidir liom a ráḋ aċt go raiḃ an ḃeirt againn sáṫaċ tuirseaċ dá ċéile? Tuirseaċ dá ċéile—seaḋ, sin é an focal is feileaṁnaiġe; ní raiḃ gráin agam air— dá mbéaḋ d’ḟéadfainn na hoiḋċeannta fada ċur isteaċ maiṫ go leór ag claṁsán agus ag clampar leis. Aċt ce’n ċaoi a ḃféadfaḋ bean clampar a ṫógḃáil le fear agus gan aon tsuim aici ann? An neaṁṡuim agus an tuirse croiḋe ḃí ag milleaḋ an tsaoġail orainn beirt....
Nuair atá bean i n-aois a deiċ mbliadna fiċead, gan aon ċlann uirri, fear réiḋċúiseaċ neaṁṡuim- eaṁail aici, agus a dóṫain ṁór de ṁaoin an tsaoġail seo aici, ṡílṫeá go ḃféadfaḋ sí an aimsir a ċur isteaċ maiṫ go leór i gcaṫair de’n tsórt seo. Aċt féaċ ṫart. Tá na céadta agus na céadta againn de ṁnáiḃ saiḋḃre agus saoġal suairc suaraċ ġá