ċaiṫeaṁ aca—ag siopadóireaċt sa tráṫnóna, tae agus cáineaḋ na gcoṁarsan agus na gcarad n-a ḋiaiḋ, an traen aḃaile, dinnéar, fear an tiġe ag srannaḋ ós cionn an ṗáipéir nuaiḋeaċta—uċ! tig múisiam orm nuair a ċuiṁniġim air....
Agus sin é an saoġal ḃí agamsa gur casaḋ an Búrcaċ Duḃ liom—an Búrcaċ Duḃ, file agus claḋaire....
Ní raiḃ tú i mBaile Áṫa Cliaṫ an uair sin, aċt ċuala tú cainnt faoi na daṁsaiḃ ḃíoḋ i nÁrus na hÉigse. Casfaiḋe Baile Áṫa Cliaṫ ar fad leat ann—nó aon duine go raiḃ cáil de aon tsórt air. Filí! ná bí ag cainit, a ḋuine! An t-árus mór lán leó! Ċaiṫfeá ḃeiṫ ar t’aire nó ḃeireaḋ duine aca ort agus ní sgaoileaḋ sé a ġreim go mbéaḋ dán fada dá ḋéantús ráiḋte aige isteaċ ’do ċluais. Minic ċaill mé daṁsa maiṫ leó....
Sílim gurab í Bettí Ní Laoiġ ṫug ann i dtosaċ mé.... Sí. Caiṫfiḋ mé gáiriḋ a ḋéanaṁ anois féin nuair a ċuiṁniġim ar an ngúna ċaiṫ sí an oiḋċe sin. Ḃí ar ċuile ḋuine leigint air gur duine eile ḃí ann; leig Bettí ḃoċt uirri gur geárrċaile sgoile ḃí innti. Dá ḃfeicṫeá í! Bean árd caol ruaḋ, ḋá sgór bliaḋain caiṫte aici agus gúna beag cadáis go glúnaiḃ uirri. A folt fada ruaḋ léiṫi. Í cosnoċt— naċ síleann tú naċ ceart de aon ḃean atá foċa- muideaċ gáigeaċ n-a cosaiḃ ḋul gan bróga i láṫair cuideaċtan fear? Aċt ba ċuma le Bettí: ní raiḃ fear uaiṫi....
Ḃí an ḃeirt againn n-ár suiḋe ag ceann seómra an daṁsa agus greas biodáin aoiḃinn ar siuḃal