Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/203

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
187
M’ḞILE CAOL DUḂ

againn nuair ċonnaiceamar ċugainn é. Ḃí culaiṫ air an oiḋċe sin mar ḃéaḋ ar ṡaiġdiúir Gairibáildeaċ— léine ḋearg agus eile; agus deirimse leat gur maiṫ ṫéiḋeann a leiṫéid d’ḟeisteas de ḟear árd duḃ daṫaṁail. Baineaḋ truisleóg ḃeag as i lár an tseómra, aċt mar sin féin, níor ḃain sé sin ná an meangaḋ ṫáinic ar a lán de’n ċuideaċtain an ṁaor- ḋaċt ḋe. D’ḟáisg sé na fiacail, ṫáinic daṫ bán ar a ċeannaċaiḃ, agus d’ḟéaċ ṫart go fíoċṁar ar luċt an ġrinn. Ṫaiṫniġ sé liom ar an toirt....

Rugas ar láiṁ ar Ḃettí go ḃfiafruiġinn di cérḃ é, aċt sul a raiḃ sé d’uain aici freagra ṫaḃairt orm, ḃí sé le mo ṫaoḃ. Ḃí ceann air ḃí ċoṁ deáġċumṫa is ḃí ar aon fear ariaṁ, ceann agus aġaiḃ agus muineál agus guailne—aċt maraċ gur rugas ar láiṁ ar Ḃettí d’ḟeicfinn a ċosa agus a ġlúna.... ḃí sé ċoṁ basaċ le bacaċ bóṫair! Tá aiṫne ṁaiṫ agatsa orm, agus tá ḟios agat naċ ḃféad- fainn aon spéis a ċur i mbasaċán—aċt ar ċaoi éigin ċoinniġeaḋ sé duine ó ṡunndas ṫaḃairt dá ċosaiḃ basaċa....

Laḃair sé le Bettí—ḃí aiṫne ag an uile ḋuine uirri—aċt má laḃair is ormsa ḃí sé ag féaċaint. Ġaḃ sé le n-a ṡúiliḃ aisdeaċa mé. Ċuadar ṫríom agus mian drúiseaṁail a ċroide ġá noċtaḋ sna súiliḃ sin....

Ṫáinic uaṫḃás orm. Ṫáinic fonn orm éaluġaḋ uaiḋ agus a ḋul i ḃfolaċ i n-áit éigin ar imeall an doṁain. Aċt níor ḟéadas é; ḃíos ar nós an ḃric ḃéaḋ i ḃfastóḋ ar ċeann doruġa. Imṫeaċt an eaḋ? Ní raiḃ goir agam air, agus sul a raiḃ ḟios agam