Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/204

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
188
M’ḞILE CAOL DUḂ

céard ḃí ar siuḃal ḃí an ḃeirt againn ar an úrlár i lár an tseómra ag daṁsa agus ag damsa agus ag daṁsa....

An daṁsa sin! Tig imeagla orm anois féin nuair ċuiṁniġim air; tig creaṫaḋ ball orm agus preabaḋ croiḋe; tig gráin orm.... Ní ṡílim go ndeárna an daṁsa céadna sin ariaṁ roime sin i mBaile Áṫa Cliaṫ; i dtíorṫaiḃ teó na hAifrice, imeasg na ḃfear duḃ, ceapaḋ i dtosaċ é le altuġaḋ ṫaḃairt do ḋia na geineaṁna. Tuige a ndeárnas é an eaḋ? cuir ceist eile orm. Musgluiġeaḋ sean- diaḃal éigin ’mo ċroiḋe. An fear seo ḃí ar mo ṫóir ar an seannós págánaċ a ċeannsuġaḋ, sin é ḃí uaim; é ġríosaḋ, an ainṁian ċorporḋa ḃí ann a ṁéaduġaḋ agus annsin é ċlaoiḋ, é ḃruġaḋ faoi ċois....

Aċt baineaḋ de mo ṫreóir mé—an ceól a ceapaḋ d’aon úim le ainṁian a ḃeódċaint, an teas, an cneas le cneas, cora an daṁsa ḃarbarḋa, agus a ṡúile siúd—seaḋ, a ṡúile siúd buailte liom beagnaċ agus faoḃar ifrinn n-a lár istiġ; céard d’ḟéadfaḋ bean ḃoċt lagḃríġeaċ mar mise a ḋéanaṁ—bean a tógaḋ le ceól agus le aoiḃneas, le sóġ agus le pléisiúr an tsaoġail faoi spéirṫiḃ cuṁarṫa gorma an Oirṫir?

Ar ócáid de’n tsórt sin, tá canaṁaint na súl níos beaiċte agus níos bríoġṁaire ná úrlaḃarṫa béil. Ġéill mo ṡúile ḋó, agus nuair ġéilleas súile mná do ḟear, sin tús agus deireaḋ an sgéil. Ṫuig an Búrcaċ Duḃ an méid sin go maiṫ. Cuireaḋ cosg leis an gceól go tobann; cuireaḋ cosg leis an daṁsa, agus ḃí an ḃeirt againn annsin n-ár seasaṁ i lár an tseómra agus tuigsint diaḃalta againn ar