Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/205

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
189
M’ḞILE CAOL DUḂ

an rún diaṁair fadṡaoġalta sin naċ gclaoiḋfear go bráṫaċ.... ṫáinic sgáṫ ormsa. Sílim go raiḃ sgáṫ ar an ḃfear freisin....

Ḃí tú istiġ go minic i nGáirdín an tSoġa atá díreaċ ar aġaiḋ Áruis na hÉigse. Níl áit níos aoiḃne i n-aice na caṫraċ. Ḃí an Ḃealtaine ann— Bealtaine na mbláṫ agus na mbalaṫ; cuṁaraċt trom a ḋallaḋ do ċéadfaiḋ ag eirġe aníos as an iṫir agus as na lusraiḃ úra; réaltóga magaṁail agus réaltóga solaṁanta ag dearcaḋ anuas orainn; tormán imċean na caṫraċ le clos ṡoir uainn ar nós raḃarta earraiġ; ṫáinic smaṫaṁ beag gaoiṫe ḃí luċtuiġṫe le balṫaiḃ oiḋċe isteaċ ó na sléiḃte agus ṫosaiġ ag déanaṁ mór le mo ġuailniḃ agus le mo ḃráġaid—ṡílṫeá go dtáinic éad ar an ḃfear leis an smaṫaṁ sin gaoiṫe, mar rug sé ar mo ċlóca agus ṫarraing timċeall ar mo ġuailniḃ é.... Ċuaiḋ a ṁéara i n-aiṁréiḋ ’mo ċuid gruaige. D’ḟan a láṁ tamall deas ṫart ar mo ṁuineál agus é ag féaċaint isteaċ ’mo ṡúiliḃ go fíoḃṁar.... ġluais sruṫ teasa, sruṫ tinntriġe ṫrí mo ċorp....

Innis dom anois agus ná hinnis aon ḃréag: an dtagann an corruġaḋ croiḋe céadna ar an ḃfear is ṫig ar an mnaoi, an ngluaiseann tinntreaċ ṫrí n-a cuisleaċaiḃ ar an nós céadna is ġluais an sruṫ ṫrí mo ċuisleaċaiḃ ar an ocáid seo?

Tá loċ beag ag ceann an Ġáirdín, crann breáġ fuinnseóige ar a ḃruaċ, agus suiḋċán faoi ḃun an ċrainn. Ann a ṡuiḋeamar. Ḃí an ḃeirt againn n-ár dtost ó d’ḟágamár Árus na hÉigse. Eisean ag féaċaint amaċ uaiḋ ar uisge an loċa agus na