Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/206

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
190
M’ḞILE CAOL DUḂ

réaltóga ag lonnraḋ ann, ar an mbruaċ ṫall agus duḃ-ḋorċadas na sgeaċ agus na dtom ḃí ag fás air. Mise ar m’aire, roinnt eaglaċ, ḋá roinnt dána, súil agam le—ní abróċad cé leis!

Ṫóg sé a ċeann agus d’ḟéaċ suas sna spéirṫiḃ. Ḃí solus maiṫ ann agus ḃí a leaṫ-éadan le feiceál go soiléir agam—ċuirfinn geall nár ḟéaċ bean ḃanda ar an éadan sin ariaṁ gan spéis a ċur san té ar leis é. Ċeapas gaċ uile noiméad go raiḃ sé ar tí laḃairt, go raiḃ sé ar tí draoiḋeaċt agus diaṁaireaċt na hoiḋċe agus na hócáide a noċtaḋ ḋom ṫrí ḃriaṫraiḃ beóḋa fileaḋta.... Dá sgaoileaḋ sé uaiḋ na gcaise iad, dá mbeireaḋ sé orm annsin, mar ḃeirṫeá ar neantóig, ḃéaḋ leis. Naċ mé ḃí ag súil le filiḋeaċt, le briaṫraiḃ molta, le focla mealltaċ’, le urlaḃarṫa plámásaċ aoiḃinn! Aċt ḃí an file n-a ṫost....

Ní ró-ḟada ḃí áṁṫaċ. Cor dá dtug sé agus bualaḋ póca a ċasóige i n-aġaiḋ an tsuiḋċáin. Léim buidéal aníos as; ṫuit ar an talaṁ; briseaḋ é.

“A ḋiaḃail!” ars an file, ag féaċaint ’mo ṫreó.

Agus nárḃ ḟíor dó? Naċ mé an diaḃal ṫar bárr is a ḃeiṫ ag cainnt mar seo leatsa?

An an-ṁian, agus an aistiġeaċt ḃí eadrainn ó casaḋ le ċéile sinn, ġlan an focal maiṫ macánta sin as an mbealaċ iad. Ruaig sé an taom ḃuail sinn agus an daṁsa ar siuḃal. Ṫuigeamar a ċéile....

Ċuireamar aiṫne níos feárr ar a ċéile. D’aiṫ- niġeas ar a iomċur agus ar a urlaḃarṫa gur file ḃí ann ó ḋúṫċas, aċt níor léiġeas aon ċuid dá ḋéantús ariaṁ. Go deiṁin is ar éigin go raiḃ a ḟios agam