Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/207

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
191
M’ḞILE CAOL DUḂ

gur sgríoḃ sé aon rud—giotaí filiḋeaċta sna páipéir, agus mar sin. Focal éigin dá nduḃras agus ṫosaiġ sé ag cur ḋe. A ġlór! Cé’n ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ tráċt air? Dán beag sgríoḃ sé an lá sin, duḃairt sé liom é—dán beag faoi naoṁ; níor ṫaiṫniġ na naoiṁ go ró-ṁór liom ariaṁ—níor ḟéadas a gcúrsaiḋe beaṫa a ṫuigsint—aċt an naoṁ seo ar ar ṫráċt an file ḃí le mo ṫaoḃ, ṫuigeas a ċroiḋe ċoṁ maiṫ is tuigim mo ċroiḋe féin....

Ċuir áilne an dáin ḃig aiteas ar mo ċroiḋe. Ṫáinic aoiḃneas ar ċroiḋe an ḟile freisin. Laḃair sé liom ar nós laḃarṫa le duine ḃí ar aiṫne agat le bliaḋantaiḃ fada. D’innis sé ḋom céard ḃí faoi a ḋéanaṁ sa saoġal. Gráḋ tíre agus filiḋeaċt an dá niḋ ḃí ġá ġríosaḋ an uair sin. Ó ná habair é! ná habair go deó é! Na mná agus an t-ól freisin an eaḋ? B’ḟéidir—b’ḟéidir é; ṫosaiġ an Búrcaċ Duḃ ar ḋuḃailciḃ agus ar ṡuḃailciḃ an tsaoġail a ċleaċtaḋ agus é an-óg....

Ṫugas cead dó póg ṫaḃairt dom sul ar ḟágamar an Gáirdín, agus d’imṫiġ liom aḃaile agus lúṫġáir ar mo ċroiḋe.

II

Tugaḋ faoi deara gan mórán moille go raiḃ aṫruġaḋ mór ag teaċt orm; go raiḃ feaḃas ag teaċt ar mo ṡláinte; go raiḃ mé ag eirge breáġ croiḋeaṁail aéraċ ṫar mar ḃíoḋ. Ag dul i n-óige i n-aġaiḋ an lae ḃíos, duḃraḋ. Agus b’ḟíor é. Ḃí liaġ maiṫ agam; an ḟiliḋeaċt agus an ċontaḃairt,