Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/208

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
192
M’ḞILE CAOL DUḂ

an íc is cuṁaċtaiġe ag mnáiḃ de mo ṡórtsa. Agus ḃí an doṁan bráṫaċ de’n íc sin agamsa. Casfaiḋe an file liom gaċ uile áit. Roiṁe seo níorḃ ḟeárr leis áit a gcaiṫfeaḋ sé píosa de’n tráṫnóna ná i dteaċ óil; aċt dá gcloisfeaḋ sé go raiḃ mise le ḃeiṫ ar cuairt n-a leiṫéid seo de ṫeaċ, ag ól tae nó ag déanaṁ biodáin, ṫiocfaḋ seisean sul a mbéaḋ mo ċuairt istiġ agam agus seólaḋ sé aḃaile mé. Ar ndóiġ ḃí cainnt ann; cainnt agus cainnt agus cainnt—aċt ba ċuma linn. Ḃí ár saoġal suairc suaiṁneaċ féin againn-ne—agus nuair ṫáinic an saṁraḋ breáġ buiḋe, líonamar suas é le filiḋeaċt agus le draoiḋeaċt, le gean agus le greann....

An aimsir ḃí againn an saṁraḋ sin! An aiṫne ċuireamar ar a ċéile! Sílim naċ raiḃ friġid suḃ- ailce n-a ċroiḋe nár ṁéadaiġ an uair sin. Léiġ tú an leaḃar beag filiḋeaċta ċuir sé amaċ an ḃliaḋain sin; níl dan ann nár ċum sé ḋomsa, ḋomsa, agus ḋomsa aṁáin.

Ní iongnaḋ go raiḃ bláṫ na hóige ag teaċt orm arís. D’ḟill an tsláinte agus an croiḋeaṁlaċt. Ṫug gaċ uile ḋuine faoi deara é aċt aṁáin mo ḟear céile. Cé’n ċaoi a dtiuḃraḋ seisean faoi deara é agus gan suim aige i n-aon niḋ aċt n-a ġnóṫa agus san tiomsuġaḋ féileacán atá bailiġṫe aige—na mílte míle de gaċ cineál daṫ agus déanaṁ. Imṫiġeann an aois uaiḋ nuair ḟáġann sé ceann nuaḋ neaṁ- ċoitċiannta. Ní ceart d’ḟear dá leiṫéid ḃeiṫ pósta ar ċor ar biṫ. Aċt fuair sé cúpla féileacán ċuir aoiḃneas ar a ċroiḋe faoi’n am seo, agus ní ḟaca tú fear ariaṁ ḃí ċoṁ bródaṁail leis. Ċeap na