Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/209

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
193
M’ḞILE CAOL DUḂ

seanḃuaċaillí ḃíos ar ṫraen a naoi leis gaċ maidin go raiḃ ríméad air go raiḃ mise ag teaċt ċugam féin. Rinneadar coṁġáirdeaċas leis faoi mo ṡláinte, na hamadáin!

Ḃí Bettí i gcaráisde i ḃfogus dóiḃ. ’Sí d’innis ḋomsa an ċainnt. Aċt cé’n ġoir atá agamsa leagan Ḃettí ċur air? An lob bog sin Tuaṫaċ Ḋún Laoġ- aire—ó, tá aiṫne agad air, naċ ḃfuil? Bíonn sé ag gaḃáil ṫart i gcoṁnaiḋe le Síle Réamonn—aċt ṫosaiġ seisean ag fiafruiġe d’Éamonn (sin é an t-ainm seirce ḃí agam ar m’ḟear—ḃí sé anċosaṁail le seantiománaiḋe ḃíoḋ ag mo ṁuinntir fadó: siné an fáṫ go dtugas Éamonn air), d’ḟiafruiġ an lob bog ḋe sa traen cé’n doċtúir ḃí agamsa, naċ raiḃ sé sásta le n-a liaġ féin, agus ó rinne mo ḋoċtúir maiṫ ḋomsa go mb’ḟéidir go ndéanfaḋ sé maiṫ ḋó-san! Ní raiḃ duine sa gcaráisde nár ṫuig an sgéal, agus naċ aca ḃí an greann agus an caoċaḋ súl ar ċúl na bpáipéar nuaiḋeaċta!

An doċtúir a leiġsiġ mise! Naċ raiḃ ḟios ag an saogal naċ raiḃ doċtúir agam aċt m’ḟile caol duḃ aṁáin! Agus ċeap siadsan naċ raiḃ ḟios ag m’ḟear é; ċeapas féin freisin é—an uair sin. Fear ar leiṫ, fear ann féin, fear doiṁin aiṁréiḋseaċ—is beag duine ṫuig ariaṁ ṫú, a Éamuinn....

Ar ċaoi ar biṫ, nuair ṫáinic sé aḃaile an oiḋċe sin —ḃí an ḃeirt againn n-ár suiḋe cois teine agus an béile caiṫte againn—d’ḟan sé annsin n-a ṫost agus é ansmaointeaċ ar fad. Ḋearcaḋ sé orm go géar ó am go ham. Ba ċosaṁail le meanaiḋṫe teó an ḟéaċaint sin. An rud ḃí ar mo ċoinsias b’ḟéidir....