Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/199

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

M’Ḟile Caol Duḃ

Leaḃráin ḃeaga filiḋeaċta agus dánta ionnta a ṫógfaḋ do ċroiḋe leis an ḃfíor-áilne atá ag baint leó—sin a ḃfuil fágṫa againn anois de ṡaoġal agus de ṡaoṫar an Ḃúrcaiġ Duiḃ a ċleaċtuiġ céard an ḟile i mBaile Áṫa Cliaṫ le n-ár linn féin. Seaḋ, na leaḃráin do-ḟáġalṫa seo—agus cuiṁne ċruaiḋ i gcroiḋe mná.

Aċt ḃí súil ag a ċáirde uile le n-a ṁalairt tráṫ: pé áit a raċas tú faoi láṫair, má ḃíonn daoine ag cur síos ar an Eirġe-Amaċ ann, cluinfear an ċeist: céard a ṫárla do’n Ḃúrcaċ Duḃ? Cé’n ḃaint ḃí aige leis na gníoṁarṫaiḃ iongantaċa rinneaḋ le linn na Cásga 1916? Agus nuair adeirtear le luċt na gceist a ċur, naċ ndeárna sé faic aċt dán molta a ċeapaḋ ar na fearaiḃ a rinne, bíonn iongnaḋ ar ċáċ; ní cáintear é i n-aon áit, agus sin cruṫuġaḋ iomlán ṡíoraiḋe go ḃfuil coṁḃáiḋ agus tuigsint ag baint le fearaiḃ Fáil, mar ḃí cáineaḋ tuillte aige má ḃí ag aon ḟear ariaṁ nár ċaḃraiġ sé le n-a ṡoisgéal le gníoṁ, agus an ḟail aige.

Casfar a lán daoine leat ḟéadfas innseaċt duit cé’n sórt duine ḃí ann nuair cuireaḋ aiṫne air sa gcaṫair i dtosaċ; gur ḃíoḋg sé croiḋe na bantraċta

le n-a ḃinnḃriaṫraiḃ fileaḋta agus le draoiḋeaċt

183