Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/211

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
195
M’ḞILE CAOL DUḂ

Ná bí ag gáiriḋ fúm adeirim. Leag do láṁ ar mo ċroiḋe. Naċ ḃfuil sé ag preabaḋ ar nós an tubuisde anois féin nuair ċuiṁniġim ar an noiméad sin?

D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ.

A Ṫiġearna! Rinneas rún ċroiḋe-ḃruġaḋ—aċt ní sgéiṫfinn ar mo ḟile dá ḃfuiġinn m’anam air. An gcloisfinn an pléasgaḋ sul a d’imṫiġeaḋ an dé uaim? Ṫosuiġeas ag coṁaireaṁ—a haon, a dó, a trí, a ceaṫair....

Bí ’do ṫost adeirim: cé’n ċaoi a mbéaḋ súil agam le n-a ṁalairt d’aoiḋeaḋ? Nár léiġ tú cuid ṁaiṫ de ḟinnsgéaltaiḃ an lae indiu agus céard eile d’ḟéadfaḋ fear a ḋéanaṁ le mo leiṫéid-sa de ċéile de réir na n-uġdar?

Annsin.... éist liom agus creid mé—annsin duḃairt sé:

“Ta súil agam naċ ndóiġfiḋ an cailín aimsire an leite orainn arís anoċt.”

Ġlanas liom as an seómra. Ḃuaileas fúm ar ċaṫaoir sa gcistiniġ, rinneas gol agus gáiriḋ le ċéile agus i ndiaiḋ a ċéile agus trí n-a ċéile go dtí naċ raiḃ ionnam seasaṁ.

A leiṫéid d’ḟear....

Aċt ġlaoiḋ sé orm gan aon aċar.

“Suiḋ,” ar seisean.

Ṡuiḋeas.

“Cá gcaiṫeann tú an ċuid is mó de’n aimsir faoi láṫair,” ar seisean.

Mo ċroiḋe boċt arís! Ní raiḃ an ċontaḃairt ṫart fós, aċt ḃíos níos dána ná ḃí i dtosaċ. An raċt ḃuail sa gcistiniġ mé b’ḟéidir.... Ċeapas an sgéal n-a iomlán agus n-a fírinne innseaċt dó.